Bean a’ Leanna – Sean Nós na mBan 2016

Bean a’ Leanna

‘Gus éirigh i do shuí bhean a’ leanna
‘S ná fan le do chaipín a ghléas’
Go bhfaighe tú dhom braon uisce beatha
Nó cárt go do chuid leanna fhéin
‘Gus beimid ag ól go dtí an mhaidin
Seo sláinte na bhfear úd go léir
’S nuair a fhágfas an mháistreás an baile
Beidh an cailín is deise a’am fhéin.

Is a Dhia céard a dhéanfas mé amáireach
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá a’ goil aniar,
‘S gan goir a’m-sa theacht ina láthair
Leis an méid a bhí eadrainn ariamh,
Nuair a smaoiním ar a súgradh ’s ar a gáire,
Is ar inneach a láimhín a bhí fial,
Nach dtiteann mo chroí istigh i ndólás,
Agus goilim fhéin mórán ina diaidh.

Ó shiúil mise bogach agus sléibhte
‘Gus cnoic a bhí géar as a mbarr
Is a lán bealaí eile nach ndéarfad
Ní raibh unsa ar bith céille i mo cheann
Ar thuairisc mo stáidbheanín bhéasach
Nach sínfead mo thaobh léi go brách
‘S gur chóra di codladh taobh thuas díom
Ná a bheith i gConga dhá uairín roimh an lá.

Is fada mo chosa gan bróga ach is faide mo phócaí gan pingin
Is fada mé ag siúl le mná óga
Ach ní bhfuair mé aon deoir ariamh le mo mhian
Is fada mo chónra dá déanamh
Mo thumba dhá bhreacadh ag na saoir.
Is mo chróchair dhá tógáil lá Earraigh
‘Gus na buachaillí óga ag dul faoi.

‘Gus bhí mise oíche is mé súgach
Bhí mé ag triall ar tigh Mhicil sa ngleann
Bhí steancán de phíobaire caoch ann
‘Gus jug fuisce líonta aige ar chlár
Ó thit muid lag marbh sínte ann
Níor fhan preab inár gcois ná inár láimh
Ach sé beannacht shíol Éabha agus Ádhaimh dhaoibh
‘Gus íocfaidh mé fhéin an reicneáil.