Bríd Thomáis Mhurchadha – Corn Uí Riada 2009

Bríd Thomáis Mhurchadha-Corn Uí Riada 2010

‘S a Bhideach na gcarad tig feasta nach súgradh é.
Ó thug mo chroí gean dhuit ar mhalairt ná diúltaigh mé,
Má shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil.
Is go dtug mo chroí gean duit seachas cailíní deasa an tsaoil.

Is a Bhríd Thomáis Mhurchadha ó molaimse an barr leat fhéin  
Ar ghile, ar fhinne, ar dheise ‘gus áille méin
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseáin óir
Is an té a bheadh gan amharc go dtabharfainnse  soilse dhó.

‘Gus rachaidh go Gaillimh go gceannóidh mé gáirdín úll,
Agus loingeas ar fharraige le haghaidh a bheith ag déanamh spóirt.
Ar fhilliúint ó Shligeach agus leide beag a fháil ón gcóir,
‘S ní shiúlóinn  faoin bhealach nó go mblaisfinn de phóg mo stór.

’S má bhí mise folamh, dar m’fhocal go mba mhór an scéal,
Is a liachtaí bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéil.
Is dhá mbeadh sé ag cur seaca, a’ cur sneachta ins ’chuile cheard den tír,
Ach tusa ’ bheith i m’aice, is ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.

’S a aonmhac Mhuire a chuir an cuileann tríd an bhféar a’ fás,
Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá
Dá mbeadh sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil,
Bí thusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.