Máire Ní Eidhin – Sean Nós na mBan 2016

Máire Ní Eidhin

Ag gabháil ‘un an Aifrinn dhom le toil na nGrásta
Bhí an lá ag báisteach is d’athraigh gaoth
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi
Labhair mé léi go múinte mánla
Is de réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí
Sé a dúirt sí: ‘Raiftearaí, tá m’intinn sásta
‘Gus ghluais go lá liom go Baile Uí Lí.’

Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
Ach rinne mé gáire ‘s gheit mo chroí,
Ní raibh le ghoil againn ach trasna páirce
Níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí
Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
Is a cúilín fáinneach le m’ais ina suí
Sé dúirt sí: ‘Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte
Tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Lí.’

‘Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
Is deise méin s’ is áille gnaoi
Míle cléireach a ghoil in éineacht
trian a tréartha ní fhéadfadh scríobh
Bhuail sí Deirdre le breáichte is Véineas
Dhá n-abraínn Héilean lér scriosadh an Traoi
Seo’d í an chraobh is cé a d’iarrfadh a héileamh
Ar an bpabhsae gléigeal ‘tá i mBaile Uí Lí.

Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
Is tú ag breathnú síos uait ar Bhaile Uí Lí
Siúl na ngleannta ag baint cnó ‘gus sméara
‘S ceiliúr éan ann mar na ceolta sí
Níl brí sa méid sin dhá bhfaigheá léargas
Ar bhláth na gcraobh ‘tá lena thaobh
Níl maith dá shéanadh ná dhá cheilt ar aon neach,
A spéir na gréine, is tú grá mo chroí.

Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc fré chéile
An Spáinn an Ghréig is ar ais aríst
Ó bhruach Loch Éirne go béal Gréine
Is ní fheicfeá féirín ar bith mar í.
A grua thrí lasadh is a malaí caola
A haghaidh dhá réir is a béal tais mín
Scoth ban Éireann, is as ucht an méid sin
A thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Lí.

A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair,
a chúilín ómra, a mheall mo chroí
Siúil ar uaigneas liom go ndéanfar comhairle
fá choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí
Níor mhór liom ceol dhuit gach aon tráthnóna
Puins ar bord is dá n-ólfá fíon
Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar
Is go bhfágha mé an t-eolas ar ais aríst.