Caisleán Uí Néill – Corn Uí Riada 2016

Caisleán Uí Néill

Is céad slán don oíche aréir, sé mo léan gan í anocht ina tús
Leis an mbuachaillín spéiriúil a bhréagadh mé seal ar a ghlúin
Chuir tú orm an t-éileamh, a mhíle grá bán, ach ní leatsa mo rún
Mar céad faraor géar, tá na sléibhte goil idir mé ‘s tú.

‘S tá an gairdín seo ina fhásach, a grá geal, ‘s tá mise liom fhéin
‘S tá gach pabhsae ag fás ann níos breáichte ná bhfaca tú riamh
Níor cluineadh ceol cláirsí goil an tsráid seo ná ceol binn na n-éan
Ó d’éalaigh mo ghrá uaim, an chraobh álainn, go Caisleán Uí Néill.

‘S i gCaisleán Uí Néill atá an té úd a bhain díomsa mo chliú
Is gurbh é binneas a bhéilín chuireann éanlaith na coille chun suain
Sé an tsamhail a bhéarfainn dhá mhéin is do leagan a shúl
Fíoruisce an tsléibhe is é ag éalú ar maidin sa drúcht.

‘S ar theallaigh an tí mhóir a chónaíonn is a chodlaíonn mo ghrá
‘S a shamhail níl le fáil a’m ach an réalt eolais atá ar an mbaile údan thall.
Ba mhilse liom blas a póigín ná an rós ar a dtagann an bláth
Ach le cumha i ndiaidh mo stóirín ní beo mé ach tamaillín gearr.

Is a chumainn ‘s a sheainsín i dtús an tsamhraidh nach dtiocfá-sa ar cuairt
Anuas ins na gleanntáin nó ar oileáinín ina nglaonn an chuach
Ba, caoirigh ná gamhna ní shantóinn fhéin leat iad mar spré
Ach mo láimh faoi do cheann-sa is cead comhrá go huair a dó dhéag.

Ó is gheall tú a ghrá dhomsa go mbréagfá mo leanbh ar do ghlúin
Agus gheall tú arís dhom go mbeadh aon tíos idir mé is tú
Ó gheall tú ‘gus mheall tú nó go ndearna mé leat mo scéal
Ach do ghrá a mhíle ghrá ghil ní scaoilfead as croí lár mo chléibh.

Agus bhí milleán mór ar mo stóirín seal fada dom shaol
Agus shíl mé go deo deo nach dtógfadh sé an cathú seó díom
Óra bhéarfainn mo mhóide ar mo ghlúine sul má d’éireoinn i mo shuí
Gurbh b’é bhain díom an óige, an pósadh agus gur dhubhbhris sé mo chroí.

Bliain san oíche aréir sea réab na capaill an fál
Is naoi n-oíche ina dhiaidh sin sea d’éalaigh mo ghrá uaim sa snámh.
Níl tuile dhá mhéid é nach gcaitheann sé an fhad eile ag trá
Ó níl ann ach lucht bréag agus b’fhéidir go bhfillfeadh mo ghrá.