Baile Uí Laoi/Máire Ní Eidhin – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Baile Uí Laoi/Máire Ní Eidhin

Ar mo dhuil an Aifrinn dhom le toil na ngrásta
bhí an lá ina bháiste agus d’athraigh gaoth.
Sea casadh an ainnir dhom le taobh Chill Tártain
Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi.

Ó labhair mé léi go múinte mánla
Is de réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí.
Séard a dúirt sí “A Raiftearaí, tá m’intinn sásta
‘Gus gluais ar láimh liom go Baile Uí Laoi”.

Nuair a fuair mé an tairiscint, níor lig mé ar cairde é
Ach rinne mé gáire agus gheit mo chroí
Ní raibh le dhuil againn ach trasna páirce
Is níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí.

Leagadh bord a raibh gloiní is cárt air
Is mo stóirín fáinneach le m’ais na suí.
Séard dúirt sí “A Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte,
Tá an siléar láidir i mBaile Uí Laoi”.

Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
Is tú ag breathnú anuas dhuit ar Bhaile Uí Laoi
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó agus sméara
is geall ceiliúradh éan ann le ceolta sí.

Cé’n bhrí an méid sin go bhfaighfeá léargas
ar bhláth na gcraobh atá len ais ‘na suí
Níl maith dhá shéanadh ná dhá cheilt ar aon neach
Sí spéir na gréine í, ‘gus grá mo chroí.

Sí Máire Ní Eidhin an stáidbhean bhéasach
is áille méin ‘gus is deise gnaoi,
Dhá chéad cléireach is a gcur le chéile
‘Gus trian dhá tréartha ní fhéadfadh scríobh.

Bhuail sí Deirdre le breáichte ‘gus Véineas
Is dá n-abraínn Héilin lenár scriosadh an Traí,
Sí scoth ban Éireann as ucht an méid sin
An pabhsae gléigeal atá i mBaile Uí Laoi.