Amhrán Fhoirnise – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Amhrán Fhoirnise

‘Gus scríobhfaidh mé litir go Foirnis amáireach
Ceannóidh mé páipéar is stampa dhá phingin,
Ar thuairisc mo chailín a dtug mise grá dhí
Is ní fhanfad san áit seo mura dtige sí aríst.

Ní fhaca mé a leithéid in Éirinn ná in Árainn,
B’í an planda ba dheise í is a chuaigh riamh thríd an tír,
Bhí ‘cúl fada gruaige ‘ghoil síos thar a básta,
Is ‘té thógfadh ar láimh í, bheadh fad ar a shaol.

Is ní raibh sé ach seachtain nuair a fuair mise freagra
Go raibh romham míle fáilte ach a theacht chun a tí
‘gus scéal óna hathair go raibh sé lánsásta,
‘Sé an spré atá le fáil aici bó agus lao.

Ó d’éirigh mé ar maidin chomh luath is a bhí an lá ann,
Fuair mé an curach ó Sheán agus thug mé m’aghaidh síos;
Ní raibh mé ach leath bealaigh nuair a shéid sé ina ghála,
Is bhí báid mhór’ ná gcrann dhá gcur tharam aníos.

Bhí crogaí maith dair a’m agus togha maidí rámha,
Is cá ngéobhfá bád geallta ní ba réitithe ná í;
Ní thóg sé orm ach leathuair ó d’fhág mé an Aill Bhán,
Go raibh mé i gcaladh Dan Mháirtín is téad a’m i dtír.

Cé a d’fheicfinn ach Maitias ina sheasamh ar an aill romham,
Ó rinne sé gáire ‘gus chrom sé a cheann faoi,
“Ó ní fiú pingin go leith thú le breathnú sa mbád ort
Ach tá tú chomh láidir le athair an lao.”

Tháinig Tomás Ó Ceallaigh agus buidéal chaon lámh leis
“Ó teann liomsa anall nó go n-ólfaidh tú braon,
Nó go gcuirfidh mé an deacair amach as do chnámha;
Bí ag ól go ceann ráithe is ní chaillfidh tú pingin.”

‘Sé an t-oileán is folláin’ ó Mheiriceá anall é,
Níl fear, bean ná gasúr ná seanduine ann tinn,
Níl sioc ann ‘s níl sneachta ann, is ní aithneoidís an bháisteach,
Ach grian chuile lá ‘gus é ‘scalladh os a gcionn.

Ó chaith mise ann seachtain sular fhéad mé é fhágáil
Chuile oíche go lá bán bhíodh ceol a’inn is spraoi;
As seo go ceann seachtaine ceannóidh mé an fáinne
Is beidh mo stóirín le fáil a’m ar bhuíochas don tsaol.