An Capall – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

An Capall

Is nach mhór i gceist fadó An Caiseal
Nuair a bhuaileadh sí cat ar an Rí
Ach ní choinneodh sí coinneal don Chapall,
Faoi chraicneach ‘s í ag tarraingt na gaoth
Níor stríoc sí is níor chlaon sí d’aon ghála,
Gur leag sí ó ghob Oileán Fia,
Bhí na húicéirí eile le fána faoi ráta agus iad léige ina diaidh.

Is ba luaichte í go mór ná an Queen Mary,
Nuair a leag siad í aniar le cóir,
Bhí na céadta ‘gus na mílte ag déanamh iontais,
Dhá faire go Céibh na Páirc’ Mhóir’,
Nuair a thug sí an geall as Cinn Mhara,
Ón Dóilín is as Cloch na Rón,
Cuireadh bratach ar Chaisleán Dhún Guaire,
Is tá pictiúr i gCaisleán Thír Eoghain.

Sé mac Pháraic Fhiacha is an Ráinneach
A tharraing a múnlaí go cruinn,
I ngairdín deas pléisiúir na cúirte,
Ar shuíomh deas an fhoscaidh den bhinn,
Sé Gábhán a ghearr a cuid adhmaid,
Gan anró, mairg ná stró,
Ach d’fhág siad gift ins an gCapall,
Nach scarfaidh leí go deo.

Is bhí aithne agamsa ar úinéirí an Chapaill,
Tá curtha go doimhin doimhin sa gcré,
Ba mhaith iad ag roinnt na leath ghalún,
Is ba mhaith iad faoin arán is faoin tae,
Ní fhaca mé ariamh fuar ná folamh iad,
Ón uair a bhí an t-airgead gann,
Is níor mhaslaíodar fear, bean ná gasúr
In aon chaladh dhá ndeachaigh siad ann.

Is tháinig litir ó Mrs. Onassis,
Anall as oileán sa nGréig,
Is dhá bhfaigheadh sí an Capall le ceannacht,
Is go n-íocfadh sí dhá mhilliún déag,
Ní dhíolfar an capall ar aon nós,
Chúns a bhéas éinne acu beo,
Tá sí deasaithe ag mac Labhráis Bhreathnaigh,
Is ní scaipfidh a cuid adhmaid go deo.

Agus bhí mise oíche ar an mbealach,
Is mé théis a thíocht Cuan an Fhir Mhóir,
Ó bhuail mé siar ag Tigh Phlunkett,
Is bhí gloineachaí líonta ann ar bord,
Bhí an bharúntacht cruinnithe ‘mo thimpeall,
Is bhí cupán an Chapaill dhá ól,
Bhí bratach ar Dhroichead an Daingin,
Is bratach ar Chnoc Leitir Móir.

Is dhá maireadh Jack Bacach Ó Guairim,
Bheadh an t-amhrán seacht n-uaire níos fearr,
Ach le easpa an tseanchais fhada,
Muise rithfidh mise na ceathrúnaí gearr,
Ar choimrí Mhic Dé go raibh an Capall,
A criú, agus an té a bhéas dá gabháil,
Is tá súil agam go gcoinneoidh sí an bhratach
Go hard i mbarr Chnoc Leitir Móir.