Aililiú na Gamhna

Aililiú na Gamhna

Iníon d’aoire mé féinig gan amhras
Do bhíodh ina cónaí cois taobh na Leamhna
Bhí bothán agam féinig is fuinneoga i gceann dóibh
Is nuair a bhíodh an bainne te agam ‘sea ghlaofainn ar na gamhna.

Aililiú na gamhna, na gamhna bána
Aililiú na gamhna, na gamhna b’iad a b’fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta.

Faightear dom canna ‘gus faightear dom buarach
Is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair
Ceolta sí na cruinne a bheith dá shíorchur i m’chluasa
Is gur bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chun buaile.

Aililiú na gamhna, na gamhna bána
Aililiú na gamhna, na gamhna b’iad a b’fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta.

Raghaimid ar an aonach ‘s ceannóimid gamhna
Is cuirfimid ar féarach iad amach ins na gleannta
Íosfaidh siad an fraoch agus barr an aitinn ghallda
Is cuirfidh muid abhaile iad chun bainne i gcomhair an tsamhraidh.

Aililiú na gamhna, na gamhna bána
Aililiú na gamhna, na gamhna b’iad a b’fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta.

Aililiú na gamhna, na gamhna bána
Aililiú na gamhna, na gamhna b’iad a b’fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta.

Amhráin eile le Meabh Ní Bheaglaoich