Cailín Deas Crúite na mBó

Cailín Deas Crúite na mBó

Tá bliain nó níos mó ‘gam ag éisteacht
Le cogar doilíosach mo mheoin,
Ó casadh orm grá geal mo chléibhe
Tráthnóinín grianmhar sa bhFómhar.

Bhí an bhó bhainne chumhra is í ag géimnigh
‘S na h-éanlaith go meidhreach ag ceol,
‘S ar bhruach an tsrutháinín lem’ thaobhsa
Bhí cailín deas crúite na mbó.

Tá a súile mar lonradh na gréine,
Ag scaipeadh trí spéarthaibh gan cheo,
‘S is deirge a grua ná na caortha
Ar lasadh i measc sméara na gcnó,

Tá a béilín níos milse ná sméara,
‘S is gile ná leamhnacht a snó,
Níl óigbhean níos deise sa tsaol seo
Ná cailín deas crúite na mbó.

Dá bhfaighinnse Ard Thiarnais na hÉireann
Éadaigh don síoda is don tsróil
Dá bhfaighinnse an bhanríon is airde
Dá bhfuil ar an dtalamh seo beo.

Dá bhfaighinnse céad loingis mar spré léi
Píolóidí, caisleáin agus ór
Ó b’fhearr liom bheith bocht ar dhroim sléibhe
Le cailín deas crúite na mbó.

Amhráin eile le Meabh Ní Bheaglaoich