Bádóirín Thír an Fhia – Sean Nós na bhFear 2015

Téamaí

Bádóirín Thír an Fhia

Is tá pian i mbéal mo chléibh orm a chuireadh céadta fear ‘un báis,
Is tá mé cinnte dearfa gur saighead is searc an ghrá,
Nach é an trua anois mé ag scaradh leat ar theacht na huaire breá,
Le linn an chuach a bheith ag seinm is gach duilliúr glas i fás.

‘S sé mo léan nár éag mé is mé go hóg i dtús an tsaoil,
Nár deineadh cónra chaol dhom is mé a chuir go domhain i gcill,
Is sul má chonaic mé dhá bhréagadh é, bean eile le mo thaobh,
Agus mise a bheith dhá éagmais, a Dhia ghlégeal, nárbh shin é an tslí.

An bhfuil bean ar bith insan áit seo a mbeadh mo chás-sa aici le mí
Nó a mbeadh a croí dhá réabadh is cás mór aici faoi?
Mo bhádóirín a d’imigh uaim ar uair a dó nó trí,
‘S gan súil ar ais abhaile ‘am leis chúns mhairfeas mé beo aríst.

Is thug mé gean do tháilliúr, ‘s dar liomsa ba é ba cóir,
Ach an bádóir an fear ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh fós,
Is anois ó tá tú ag imeacht uaim is nach bhfillfidh tú go deo,
Tá súil le Rí na nGrásta agam go bhfeicfidh mé thú fós.

‘S sé mo comhairle dhíbhse, a chailíní, má thógann sibh uaim é
Gan a dhuil ag ól le ógfhir ná creisdiúint glór a mbéil
Mar geallfaidh siad go bpósadh siad sibh le comhrá binn a mbéil
Agus éalóidh siad thar sáile uaibh ar nós bádóirín Thír an Fhia.