Máire Ní Ghríofa – Corn Uí Riada 2009

Amhránaí

Máire Ní Ghríofa

Ó is grá mo chroí  le m’anam thú seachas a bhfuil beo
Mar is tú a shábháil m’anam dhom an lá úd a tháinig mór.
Bhí dhá chúrsa ceangailte agam ‘gus barróg ar a seol
Ach níor scar mé le ceann Gorumna nó go dtáinig mé isteach sa ród.

Is dá bhfeicfeá bád clann Dhonncha gach lá dá dtéadh sí chun seoil
Phlúchfadh sí an fharraige is ní fhliuchadh sí ceann seoil
Bhíodh tús ar chuile gheall aici dhá dtagadh an lá mór
Is go ndíolfainn mo luichtín móna is mé ag comhrá le mo stór.

Ó mo ghrá thú a Mháire Ní Ghríofa is tú an ríbhean thar na mná
Níor iarr mé riamh an craigín ort nach líon tú suas an cárt
Nuair a dhéanfainn a dhuil á íoc leat ní dhéanfá fúm ach greann
Is ní scarfadh mo chroí-sa choichín leat go dtí an oíche tar éis mo bháis.

Ó ‘s nach iomaí maidin Domhnaigh is mé súgach maith go leor
Ag dul síos le mo luichtín móna is dhá chúrsa ar an seol mór
Níor ghéill mé riamh do mhúr ar bith, do ghála ná do cheo
Go dtéinnse ag caint le plúr na mban a bhí romham sa mbaile mór.

Ó nuair a imeos mé as an áit seo nuair a dhíbreofar mé as an mbád
Caithfidh mé oíche i Maínis is dhá oíche sa Trá Bháin
Siúlfaidh mé thart na Líobairtí is anonn faoi Co. an Chláir
‘S mara bpósadh Máire Ní Ghríofa mé, ní fhillfidh mé go brách.