Amhrán Mhuínse

Amhrán Mhuínse

‘S dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar shléibhte i bhfad ó thír 
Is gan aon neach beo ‘mo ghaobhar ach an raithneach glas is fraoch 
An sneachta á shéideadh anuas orm, is an ghaoth dhá fhuadach díom 
Ach mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, is níorbh fhada liom an oíche.

Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas mé tá an Geimhreadh seo a’ tíocht fuar 
A Mhuire dhílis céard a dhéanfas an teach seo sa bhfuil ann 
Dá mba thusa fhéin a d’imeodh agus mise fanacht beo 
Nach gcóireoinn do chuid clainne dhuit d’oíche ‘gus de ló.

Is gearraidh amach mo chónra dhom as fíor scoth gheal na gclár 
Is má tá Seán Ó hEidhin beo i Muínis bíodh sí déanta óna láimh, 
Bíodh mo chaipín is mo ribín geal orm is iad go ró dheas ar mo cheann, 
Is tabharfaidh Páidín Mór go Muínis mé nó is garbh a bhéas an lá.

Is dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighfainnse bás 
Nach dtórróidís go fiúntach mé trí oíche ‘gus trí lá. 
Bheadh píopaí fada cailce acu, na ceaigeannaí is iad lán 
Is beidh triúr ban óg ó shléibhte a’m le mé a chaoineadh os cionn cláir.

‘S ag dul siar le hInse Ghainimh dhúinn, beidh an fharraige ag éirí ard 
Ná cuirigí i Leitir Caladh mé, mar is ann nach bhfuil mo dhream 
Ach cuirigí thiar i Muínis mé áit a gcaoinfear mé go hard, 
Beidh soilse ar na dumhchannaí ‘s ní bheidh uaigneas orm ann.