Bean an Fhir Rua – Sean nós na mban 2013

Amhránaí

Téamaí

Ó is táilliúr óg aerach mé ag déanamh éadaigh i dtigh an fhir rua
Agus thug mo chroí spéis do na béilín meala gan ghruaim.
Agus thug mo chroí spéis do na béilín ba bhinne ná an chuach
Is a charaid mo chléibh, dá n-éalófá liom ón fhear rua.

Nuair a théim suas ar cuairt go Contae na Mí
Is cluinim an fear rua á lua le rúnsearc mo chroí,
Nuair a chluinim, ní fhaighim suaimhneas ná néal de chodladh na hoích’
Gurbh í bean an fhir rua a rinne gual domh in aice mo chroí.

A bhruinneall gan smál, a bhfuil na dealraitheacha deasa in do ghrua,
Ar mhiste domh a fhiafraí cad é a chloífeadh aigne an fhir rua?
Ní cheilimse ar éinne goidé an fáth a bhfuil ormsa gruaim
In ainneoin eaglais is Párrthas sí grá mo chroí bean an fhir rua.

Tá crann ins an gharraí a bhfásann air an bláth buí,
‘S nuair a leagaim mo lámh air is láidir nach scoilteann mo chroí.
Ní iarrfainn-se aon spás ar an Ardrí atá i bhflaithis na naomh
Ach aon amharc amháin a fháil ar ghrá geal mo chroí.

Dhá gcuirfí mé síos i bpríosún dubhdhorcha crua,
Na boltaí ar mo chaolchorp is na mílte glas as sin suas,
Arú d’éireoinn dhe rúchladh mar a d’éireodh an eala ón chuan
Ar acht a bheith suí seal oíche le Bean an Fhir Rua.