Liam Ó Raghallaigh – Corn Uí Riada 2019

Amhránaí

Téamaí

Liam Ó Raghallaigh

An cuimhneach libhse an oíche úd a raibh an tsráid seo lán go mharcaigh
Ag sagairt ‘s ag bráithre ‘s iad ag trácht ar mo bhainis.
Bhí an fhidil ar chlár ann is an chláirseach dhá spreagadh,
‘S bhí triúr go na mná bána ann le mo ghrása a chur ar leaba.

Mo bhaintreach ‘s mo mhaighdean sea fágadh mé go hóg,
‘Gus aithris go mo mhuintir gur báthadh mo mhíle stór.
Is dhá mbeinnse sa mbád an lá sin ‘s mo dhá láimh bheith sa scód,
Dar m’fhocal dhuit a Bhean Uí Raghallaigh gur deas a leigheasfainn do bhrón.

Is cé’n t-ionadh dhom scéal cráite bheith ag do mháthairín ‘s ag d’athair,
Nó ag banaltra na gcíocha bána a bhíodh ag trácht ort is tú ‘do leanbh.
Is ní áirím do bhean phósta nár chóirigh riamh do leaba.
Is ó chuaigh tú ar an trá an lá sin mo léan go raibh ort tíocht abhaile.

Is níor mhór dhom do Liam Ó Raghallaigh a bheith ina chliamhain ag an rí,
‘Gus cuirtíní geala ghlégheal chaon taobh dhó ins an oíche
Maighdean chiúin chéillí ag réiteach a chinn
Is ó luadh sin le chéile is truaigh gur éag tú le mo linn.

Is mo mhallacht go na saortha a rinne an bád.
Nár aithris dhom fhéin go raibh an t-éag ins na cláir.
‘S dhá dteithfeá go Coilltí Eochaill is an t-adhmad a cheannacht daor,
Ní bháfaí mo mhíle stóirín ar chóstaí Malbay.

Is tá do shúile ag na péiste is tá do bhéilín ag na portáin.
‘S tá do dhá láimhín gheala ghlégheal faoi ghéarsmacht na mbradán;
Chúig phunt a bhéarfainn don té a thógfadh suas mo dhian ghrá
Is nach trua thú a bheith i t’aonraic a Neilí ghlégeal Nic Shiúrtáin.