An Gabha Ceártan – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

Téamaí

An Gabha Ceártan-Corn Uí Riada 2014

Agus chaith mé bliain ‘s ráithe
I mo ghabha ceártan i gCúige Laighean,
‘Gus tuairisc mo ghrá ní bhfuair mé
Nó go dtáinig mé ar m’ais arís,
Tá an saol seo ar fad cráite
 ‘S ní áirím mo mhuintir fhéin,
Is ar an gcnoc úd thall tá m’áras
Is ar an bPápa ní cheilfead é.

‘Gus is soir atá mo tharraingt
‘Gus is fada uaimse grá mo chroí,
Is a ghile an chúilín phéacach
Do dhéidh-sa ní mhairfead mí.
Mar tharraing tú milleán mór orm
Is a stóirín, is níor mhaith leat é,
Naoi n-uaire b’fhearr liom pósta leat
Go mór-mór ná bheith i bhflaithis Dé.
‘Gus tuige nach dtagann tú a ghrá gheal
Is mé fháil ó mo mhuintir fhéin?
‘Gus tuige nach dtagann tú lá éicint
Is mé fháil uathu uilig go léir,
Mara mbeidís sásta leis an gcás sin
Is é a fheiceáil réidh,
Ó, déanaidh cónra chláir dhom
Agus fágaidh mé go domhain i gcré.

Is diomú Rí na hAoine
Don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim,
Níl goir agam ‘ghoil ina gaobhar
Aon Dé hAoine nó go moch Dé Luain.
Dhá mbeadh sé ina stoirm thintrí
‘S an oíche  a bheith ag cur seaca aduaidh,
Le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh
Bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar chuan.

‘Gus marach m’intinn dána
Gheobhainn áras uaidh mo mhuintir fhéin,
Ba ‘gus caoirigh bána
Agus páirceanna lena gcur chun féir,
Codladh fada Samhraidh is cead greann
A bheith dhá gcaitheamh léi’
Is go mb’fhearr liom faoi na tamhnachaí
Ag piocadh seamróg le grá mo chroí.

An gcualaís nó an bhfuairís
Scéal cráite anuas le mí,
Thart thrí oileán uaigneach
Nó anuas arís thrí thaltaí fraoigh.
Ní raibh suim ar bith i do ghlór a’am
Ach dólás mór gur ag magadh a bhís
Ach tá mé óg go leor fós
‘S beidh cead spóirt am’sa i mbaile éicint.