An Seanduine Cam – Corn Uí Riada 2016

Amhránaí

An Seanduine Cam

Bhí aithne a’m is eolas ar sheanfhear sách dóighiúil
‘Sé an áit a raibh cónaí air thíos ins an ngleann,
Bhí sé i ndeis mhór ann, ‘s bhí eallach go leor aige,
Airgead ‘s ór buí le cur ina cheann.

Thóg sé suas comhairle bean óg a phósadh,
Go gcoinneodh sí a chúrsaí seacht n-uaire ní b’fhearr,
Ach ar maidin is tráthnóna bhí fearg is gruaim air
Faoi eochair an trunc mar ní raibh sí le fáil.

‘S nach suarach an ní dhuitse bualadh faoi mhnaoi ar bith
‘Gus fios ag do chroí istigh nach dtabharfaidh dhuit grá
Nuair nach mór é do ghnaoi ort nár fhága tú de shaol é ,
Go bhfanfainnse taobh leat a sheanspleantair cam.’

‘S nach dtug mé go leor dhuit, airgead ór buí,
Báid bheaga, báid mhóra, capall is carr,
Le nithe do dhóthain ’gus beatha mhaithe chóiriúil
Togha leaba chlúmhaigh is cead codladh go sámh.

Gach uile shórt eile dár chuir do chroí spóirt ann,
Go fiú an parasól le tabhairt leat i do lámh,
Capall nó pónaí le cur fút i gcónaí,
Goil ag an aifreann Dé Domhnaigh dá dtográ a dhul ann.

Dá dtabharfá an saol mór le n-ithe is le n-ól dom,
Saibhreas Rí Sheoirse is ba mhór é le rá,
Loingis faoi sheolta ‘gus cóistí ar bhóithrí,
‘S b’fhearr liom fear óg ná thú, a sheanduine cam.’

Mar a nglacfaidh tú comhairle téirigh dhá thóraíocht,
Cuir ort do chóta is do chlóca ar do bhráid.
Bí ag na crosbhóithrí le theacht an tráthnóna,
Is beidh seans ar fhear óg agat má bhíonn tú i bhfad ann.

Is nuair a thiocfas an oíche ‘s nach bhfaigh tú aon dídean,
Tosóidh tú ag caoineadh ‘s gan aon mhaith dhuit ann.
Thabharfainnse an Bíobla, anois le glanfhírinne,
Go mb’fhearr leat a bheith arís ag do sheanduine cam.

‘S nach suarach an tslí dhom mo shamhail de mhnaoi,
Bheith ag caitheamh mo shaoil leat gan súgradh ná greann,
Shá fhairsinge do shaol é Ghaillimh go Luimneach,
Is a liachtaí sin Muimhneach i gCo. an Chláir.

Dhá bhfaighinnse dídean timpeall na Saoirseacht,
Ó d’fhéadfainn an geimhreadh seo a chaitheamh go sámh
Shasódh sé m’intinn ‘s ní bheadh briseadh croí orm,
Ná a bheith sínte síos leatsa a sheanspleantair cham!

Dhá mbeifeá chomh críonna ‘s ba chóir do bhean tí a bheith,
Ó d’fhéadfá an geimhreadh seo a chaitheamh go sámh,
Mar olann na gcaorach d’íocfadh sé an cíos dúinn,
‘S an méid eile a bheith agat le cur faoi do láimh.

Ach ní mar sin a bhí tú ach lán de dhroch smaointe,
Mar is iomaí sin intinn a thagann do mhná,
Tá mé ríchinnte dá mbeifeá sách críonna,
Go mb’fhearr leat a bheith arís ag do sheanduine cam!