Béal Átha na hAbhann – Corn Uí Riada 2010

Amhránaí

Béal Átha na hAbhann

Tá áras sa tír seo a bheir cabhair do dhaoine
Is níorbh fhada liom choíche a bheith ag trácht air,
Ó sháraigh sé an ríocht le féile is le daonnacht
Is dá bhféadfainn cur síos air, bheinn sásta,
An té a ghluaisfeadh os íseal ar uair an mheán oíche
Chluinfeadh lucht siamsa agus dánta,
Scaipeadh ar fhíon agus corna dá líonadh
Is ní iarrfadh fear síneadh siar ráithe ann.

Níl Búrcach sa gcúige seo Blácach na Brúnach,
Frinseach, ná sinsear shíol nDálach,
Linseach ná Nuinseann ná aon oidhre dúiche,
Nár mhian leo glaoch go tigh Phádraig,
Faoistin’gus logha, bíonn fuascailt is cabhair ann,
Cóngar muilinn is áithe,
Is dá bhfaighinnse mo rogha ar áiteacha an domhain,
 Is i mBéal Átha na hAbhann ab fhearr liom.

Tá iasc ins an abhainn ann is torthaí ar chrann ann,
Tá duille breá glas agus sméara,
Silíní is airní, úllaí is baláiste
Is measa ag fás ar bharr géag ann,
An chuach ann ag labhairt ó Shamhain go Nollaig,
An smólach, an creabhar is an chéirseach,
An eilit i dteannta ag na gadhair ins na gleannta
 Is an sionnach i sáinn ag na Blazers.

Boird ann á leagan agus cócairí ag freastal,
Miasa ann is gréithre dá dhaoire,
Decanters go barr líonta ar an gclár
Le fuisce agus fíon agus negus,
Na hancaird ann fostaithe is na gloini ina n-aice,
Daoine uaisle ag ól sláinte a chéile,
Táiplis á breacadh, agus díslí dá gcraitheadh,
Agus ceolta dá sheinm ar théada.

Dinnéar dhá réir sin dhá ullmhú is á réiteach
Bíonn turcaí ann, puiléid is géabha,
An luán is an lacha, agus caoirfheoil ina n-aice,
Mairteoil ar thosach na méise,
An portán is an gliomach, an cnúdán is an ronnach
An bradán is an turbard gléasta,
An langa agus mangach, an trosc is an ballach,
Is an tortoise ní theastaíonn ón bhféasta.

Mná mhaithe an domhain le méin agus feabhas,
Ansiúd atá an bhean acu is féile,
Dá dtéitheá go Corcaigh gan cónaí gan stopadh
 Is dá siúlfá1fá thart timpeall na hÉireann,
Ó, sí nach mbeadh tuirseach ó Lúnas’ go Nollaig
Ina seasamh is í ag riar ar lucht déirce,
Ó, chuaigh mé á moladh, ach cluinfidh an pobal
Gur fada a bhéas teastas a tréithe.

Bíonn searrach ag láir ann, is banbh ag cráin ann,
Bíonn loilíoch ar maidin ag géimnigh,
Asail is múillí go súile i bhfásach,
Uain agus caoirigh ag méiligh,
I gcuntas mar scríobh na húdair air síos,
Ó ar ndóigh ní chuirfidh mé bréag air,
I gcearda ná i gcúige le méin agus múineadh,
Thug Béal Átha na hAbhann an chraobh leis.