Neilí an Bhrollaigh Ghile – Corn Uí Riada 2016

Amhránaí

Téamaí

Neilí an bhrollaigh ghile nó an dtiocfá chun an aonaigh,
Ag ól fuisce, ag ól brandy, ag ól bainne an ghabhair ghléghil,
Ceol, spóirt, agus aiteas sea bhéarfainn do shaol dhuit,
Is cead codladh gan tuirse i mbrollach mo léine.

Grá m’anam is mo chroí ort, ó d’aithris tú an méid sin.
Cá gcónaíonn siad, do mhuintir, nó go dtéadh seal dhá bhféachaint?
Cónaíonn siad mo mhuintir cois coillte ciúin ceolbinn,
Nó ins an tseanaimsir idir Eiltín agus Eochaill.

Trua gan mé i m’iascaire thiar ag Barr Éireann
‘Gus mo Neilí bheith ina bradáinín i gceartlár Loch Éirne,
Bheinnse dhá síorchur ag goil ina timpeall is dhá bréagadh
Nó go gcastaí i mo líontán í, sí grianán ban Éireann.

Is a Neilí a Dhia dhílis nó an mian leat mé a thréigean,
‘S gur in aice do mhínchnis is mian liom thú ‘bhréagadh,
Mo láimh agam ar an mBíobla is mé thíos ar mo ghlúine,
Is ná scarfainn mo thaobh leat nó go síntí san uaigh mé.

Truaigh gan mé is mo Neilí ar thaobh ghlas an tsléibhe,
Nó i ngleanntáinín uaigneach ‘s muid a’ piocadh sú craobha
Mo dhá láimh a bheith thairtí is mé pógadh a béilín
Is bheinnse dhá bréagadh nó go dtiocfadh Lá an tSléibhe.

Is truaigh gan mé ‘mo ghiúistís, is mo chúl leis an ngarda,
‘Gus cead agam dhá mbeinn i m’impire mo long a chur thar sáile,
Chúig mhíle punt is é fháil ins chaon láimh liom,
Sí Neilí mo roghain ar mhná an domhain ó ‘gus faighim í.