An Chaora Ghlas – Sean Nós na mBan 2017

Amhránaí

An Chaora Ghlas

Sé an trua ghéar gan mise is mo chéad searc
Ar mhullach an tsléibhe amuigh
‘S gan an neach ar bith beo inár ngaobhar
Ach an sneachta á chur go tiubh.
A dhá láimh a bheith i mbrollach mo léine
‘S go deimhin níor bhaol dhi fuacht
Ó is go dtabharfainn póg mhilis dhá béilín
A chuirfeadh na céadta chun suain.

Is tháinig mé isteach ag mo mháithrín
Is mo bhalcaisí báite fliuch,
Is a muise, a Mhicil na páirte cá raibh tú ar snámh inniu?
‘S nach cuma sin dhuitse, a mháithrín
Ní bhaineann mo cás-sa dhuit,
Ach go ndeachaigh mé i gcontúirt mo bháite
Le Máirín taobh thall den tsruth.”

Is déanfaidh mé cuilt de mo bhríste
A sheasfaidh le linn na bhfear,
Is ní bhainfidh mé an fhéasóg seo dhíomsa
Nó go bhfásfaidh sí míle ar fhad,
Go dtosnóidh sí ag crapadh is ag síneadh
Is go mbeidh píosaí dhi ar bharr gach sceach
Is mar a bhfaighidh mise bean ar an gcaoi sin
Ó tréigfidh mé an tír ar fad.

Is nach truaigh mise ag tíocht go lá ‘Le Pádraig
Is mo theanga chomh bán le cailc
Is a liachtaí sin cailín deas álainn as seo go dtí bun na ngealt
A thabharfadh dhom póg is céad fáilte
Is a croithfeadh liom láimh i gceart
‘S a stór ós anois ag fáil bháis mé
Nach galra gan náire é an tart.

‘S deir mo mhuintir go bhfuil mise pósta
Ach m’anamsa fós nach bhfuil
Is ar a bhfuil go leabhra i mo phócaí
Gurbh ag dradaireacht leo a bhím
Ó éirigh is cuir ort do chuid éadaigh
Agus cóireoidh mé fhéin do chúl
Is mar a bhfaigheadh muid ár bpósadh in Éirinn
Ó beidh muid ag goil anonn.

Is, níl sé ach mí anois ó phós mé
‘Gus is faide liom lá ná bliain,
Around the world for sporting
Muise faraor má phós mé riamh,
Ó gealladh eallach is maoin dhom
Ach ní bhfuair mé ach lao ‘gus bó,
Agus cailleadh an lao ins an ngeimhreadh
‘S an t-earrach dar gcionn an bhó.