Tomás Bán Mac Aogáin – Corn Uí Riada 2017

Amhránaí

Tomás Bán Mac Aogáin

‘S i tíocht ó theach na tórraimh dhom ‘ chuir mé eolas ar mo mhian,
Mo chreach agus mo bhrón ní sa mbaile a chaith mé an oíche
Tá arraing i goil trasna thríom ’s í cónaí i lár mo chroí,
Is, a stór, mar a dté tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.

Tháinig Tomás Bán ar cuairt a’am is mé in uaigneas beag liom fhéin.
Séard dúirt sé, “ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é.
Sé do chúilín dualach a mharaigh mé, is mar gheall ort a crochfar mé,
‘S gur measa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín a d’oil mé.”

‘S a Thomáis Bháin, go cinnte is tú rún is searc mo chléibh
A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fearaibh óga an tsaoil
Crochfar thú go cinnte mara bhfuil ag grásta Dé,
Is, a Dhia, nár mhór an feall é ná planda breá mar é.

‘S a Thomáis Bháin Mhic Aogáin, sé mo léan thú goil i gcré,
Is ní h-ionadh liom scéal cráite bheith ag do mháithrín i do dhiaidh,
Dhá mbeifeá ar leaba an bháis aici ‘s cén chás di thú a bheith tinn,
Ach go do chrochadh as na saltrachaí is an bháisteach le do dhroim.

Tá cuireadh go Cill Chainnigh orm ‘s caithfidh mé ghoil ann
Is beidh ann seisiún cheathrúnach idir Gaeil is Clainne Gall,
Ní chiontófar ach beirt éicint agus crochfar iad, mo léan,
‘S beidh Tomás Bán ar dhuine acu ’s Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.

Ní slad mainistreach ná teampaill a rinne stór mo chléibh
Ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é,
Ach mar gheall ar bhólach Stanley ó crochfar í mo léan,
‘S an té a bhfuil grá do Chlanna Gall aige, an ceann go gcaille sé.

Tá garda breá láidir ag tíocht le stór mo chroí,
Ó Gearaltaigh Chluain Dálaigh ‘s arm óg an Rí
Maolra Óg Ó Conaill is Ó Ceallaigh as Cluain Aoidh.
‘S dhá mbeadh triúr mar Chonaill óg agam, ní chrochfaí stór mo chroí.