Bríd Thomáis Mhurchadha – Sean Nós

Bríd Thomáis Mhurchadha

Is a Bhríd Thomáis Mhurchadha tuig feasta nach súgradh é.
Ó is go dtug mo chroí gean dhuit ar mhalairt ná diúltaigh mé,
Ó is gur shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil.
Is go dtug mise gean dhuit seachas cailíní deasa an tsaoil.

‘Gus a Bhideach na gcarad ó molaimse an barr leat fhéin
Ar ghile, ar fhinne, ar dheiseacht ‘gus áille méin
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseáin óir
Is an té a bheadh gan amharc nach dtabharfadh sé soilse dhó.

‘Gus rachad go Gaillimh go gceannóidh mé gáirdín úll,
Agus loingis ar fharraige le haghaidh a bheith ag déanamh spóirt.
Ar filliúint ó Shligeach dhom agus leide beag a fháil don chóir,
‘S ní chónóinn faoin bhealach nó go mblaisfinn go phóg mo stór.

Má bhí mise folamh, is ar m’fhocal go mba mhór an scéal,
Is a liachtaí bean deas a thug taitneamh go ghlór mo bhéal.
Dhá mbeadh sé ag cur sheaca, cur sneachta as chuile cheard den spéir
Ach tusa ’ bheith i m’aice, ‘gus ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.

’S a aonmhac Mhuire a chuir an cuileann tríd an bhféar a’ fás,
Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá
Má tá sé inár gcinniúint nach féidir dhúinn a chéile a fháil,
Bí thusa in do choinneal ‘gus beidh mise i m’fhéileacán.