Beauty Deas an Oileáin – Amhráin in Ansa Liom

Beauty Deas an Oileáin

Ar gcualabhair cuntas ar Bheauty deas an Oileáin,
Do tháinig sí chugainn go cúmtha ó Bhaile ‘n Chaisleáin,
Do tharraing sí cliú le criú mhaith fhear ar an dtráig,
Is go ndeirim gan chumha gur le lúth sea do thógadh sí an rás.

Do tháinig na Brútaigh chugainn i d’aistear thar Mám,
Agus dheineadar criú, is iad siúd do priocadh as gach áit,
Nuair a chuadar sa tsiúl i gcúrsa fada na trá,
Ba chosúil le búgail an mhúchadh bhí ag fhoireann na mbád.

Nuair a chonacsa chugam mo Bheauty is i teacht orm ón áth,
Is iad ag iomar’ go gleoite i gcomhtharrac lena dhá láimh,
Níor bhogas mo shúil don gcriú ná go bhfaighidís an lá,
Mar do bhí fear ins an oinsigh ag cúl fad a bhí an triúr eile ag sáthadh.

Ní ar log na nGeann sea do deineadh sinne a thraenáil,
Ná ar na hoileánaibh rua atá thuaidh fé bhun Imileá,
Ach ar fharraigí fiaine go dtéann dos na lachain a shnámh,
Is nár mhagúil é a dtuairim, go mbuafaidís orainne an lá.

D’ fhágadar fúmsa mo Bheauty do chur insan ngréin,
Geallaim don saol go léir ach go ndéanfadsa é.
Dhúblódh sí siúl le colúr do sceitheadh ón bpiléar,
Is mar bharr ar a dúirt a criú sea do thabharfadh sí saor.

A Hairtín an ghrinn ó guím ort go minic sa ló,
Gura fada go dté do ghéaga geala fén bhfód,
Dá ngeobhfá chun mo thí-sa, bhéarfainn im duit, bainne, agus feoil,
Is le caitheamh tréis bídh, gheobhfá fíon daor dearg le n-ól.

A Hairtín, fáinne óir ar gach orlach do bharrthaí de mhéar,
A mhic na n-dea-mháthar nár cáineadh, is nach b’fhéadfaí riamh é;
Tá siad dá rá gur tú máistir tofa na saor,
Mo charaid do lámh dheis, ‘sí sás í is í ag déanamh na naomh.

Mo chreach is mo chás is nár ránas sa Daingean led linn
Do chroithinn do láimh le grá is le omós óm’ chroí
Do bheadh cuileachta ghrámhar thar barr ag family a’ tí.
Is ní thriomódh an clár nó go dtráfaimis barraille dí.

(Chuadar ag ól!!)