Mo Chiach mar Thána – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

Mo Chiach mar Thána

Mo chiach mar thána an tír seo riamh,
Is gur bhfhágas Éire go dubhach ‘m dhiaidh;
Mé cuimhneamh go dubhach ar an aimsir fadó, 
Nuair a bhíodh againn ríl ann, ceol sult agus seó.

Do fuaireas-sa litir ó bhráthair gaoil,
Gluaiseacht go tapaidh anonn thar toinn,
Mar go raibh ór go flúirseach le fáil anso
Is ná chífinn-se choíche lá cruaigh ann ná bocht.

Is maith is cuimhin liom an mhaidin úd
Fágain’ slán ag mo mháthair, sí do bhí go dúch.
Muintir an bhaile is iad ag sileadh na súl,
‘Slán leat, a Shéamuis, mar ní fhilfir níos mó.’

Do thugas liom an mála ina gcuirfinnse an t-ór,
D’fháisceas go daingean córda ar a thóin,
Le heagla go n-imeodh an t-airgead uaim,
Bhíos chun capall a cheannach dom athair agus uan.

Is mór mór gur fearr a bheith in Éirinn an ghrinn
Ag éisteacht le ceolta na n-éanlaibh ró bhinn
Ná a bheith ag lorg lá oibre ar spriúnlóir beag cam
Gurbh dhóigh leis gur asal tú a bhuailfí le fonn.

Mar sin, téirigh go hÉirinn a óigchailín chiúin,
A bhuachaill bhig éist liom, agus gluais leat anonn,
Mar a mbeidh agat réal, lá aonaigh nó b’fhéidir púnt,
Cead rince go haerach le chéile ar an ndrúcht.

Is nuair a thiocfaidh ár lá is nuair a lasfaidh an spéir,
Is nuair a ghluaisifidh na sluaite fé bhrat uaithne na nGael,
Go mbeimid an lá san fé ghradam sa bhruíon
A’ ruaigeadh an tSasanaigh in ainm an diabhail as ár dtír.