An Cailín Fearúil Fionn – Corn Uí Riada 2017

Téamaí

An Cailín Fearúil Fionn

‘S dá mbeadh bó nó dhó ag mo stóirín
‘S nár dheas mar a sheolfainn iad
Níorbh fhearr liom áit dá seolfainn iad
Ná amach ag Loch an Bhuí
Mar is ann a dhearc mé an óigbhean
Go deo deo a bhris mo chroí,
‘S mara bhfaighidh mé í le pósadh,
Ní mhairfidh mé beo mí.

‘Gus a stóirín, ná bíodh buaireamh ort,
Sin ná brón ‘s ná briseadh croí,
Ná deineadh aon ní imní dhuit
Ach aer agus spóirt an tsaoil,
Dá mba liomsa a bhfuil go ór bhuí
Faoi ghlas i gcomhraí an Rí,
‘S nach dhuitse fhéin a thabharfainn é
Mar is tú an cailín fearúil fionn.

‘S nach é an trua gan mé i m’éinín
Agus cleite a’am ar chuile dhath.
Ó, threabhfainn ar fud Éirinn
Ar thuairisc mo chailín deas,
Mar is deise i bhfad í ná Véineas
‘S ná a bhfuil go mhná faoin saol
Nach cuma céard a déarfas mo mhuintir liom
Is léithe a phósfar mé.

‘S nach é an trua gan mé i Sasana
Agus mé i mo cheannaí snáth
Mo stóirín a bheith in aice liom
‘S níorbh fhada liom an lá
Mar d’íocfadh sí an reicneáil
‘Gus d’ólfainnse go binn
‘S nach snámhfainn páirt den fharraige mhór
Le mo chailín fearúil fionn.