Amhrán Rinn Mhaoile – Corn Uí Riada 2014

Amhrán Rinn Mhaoile

Scríobhfainn is léighfinn leabhar Ghaeilge cé gur milis a blas.
Agus dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire glas
Dhéanfainn teach téagair do mo chéad searc agus bhréagfainn í seal
Ach fear eile ar mo thréartha dheamhan b’ fhéidir nó d’éalódh leis bean.

Is nár fhaigh mé bás choíchin nó go gcaithfidh mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó againn ‘s caoirigh ‘s mo mhian ar an mbaile údan thall
Tá bean óg sa tír seo cur eadrainn gach aon darna lá
Ach nár fhaigh sí bás choíche go mbeidh sí ag caoineadh agus mise ag mo ghrá.

‘S tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir
Cur na tine seo síos do mo mhian is dhá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘s a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal
Tá na coiligh ag glaoch ‘s Rinn Mhaoile na gcodladh ach mé fhéin.

Agus tá siad dhá rá gur tú sáilín socair i mbróig
Agus tá siad dhá rá gur tú béilín milis na bpóg
Tá siad dhá rá a mhíle grá go dtug tú dhom cúl
Ach nár fhagha siad grásta má fhaigheann aon fhear eile uaim thú.

Gus gheobhaidh mé bás le grá do leagan do shúl
Agus gheobhaidh mé dhá bhás le grá don chois atá fút
Gheobhad trí bhás má fhaigheann aon fhear eile uaim thú
‘Chúl taitneamhach gan smál, mo chrá má cheilimse thú.