Bríd Óg Ní Mháille – Sean Nós na bhFear 2016

Amhránaí

A Bhríd Óg Ní Mháille ‘s tú d’fhág mo chroí cráite
D’fhág tú arraingeacha an bháis ag dul fríd cheartlár mo chroí
Tá na céadta fear i ngrá le do éadan chiúin aerach
Is go dtug tú barr breáchtacht’ ar Thír Oirghiall más fíor.

Maidin chiúin cheomhar go luath luath san Fhómhar
Casadh cailín óg orm dul romham ins an tslí
Dhearc mé ar a clóca is ar na buclaí a bhí ina bróga
Is go dtug tú barr breáchtacht’ ar Thír Oirghiall más fíor.

Is binne guth a béilín ag seinm amhrán Gaeilge
Ná ceol binn na céirsigh is an londubh é fhéin
Ó caidé an mhaith domh bheith ag éalú tá mo chroí istigh á réabadh
Is gearr gearr an t-éag uaim muna bhfaighim í mar mhnaoi.

Níl ní ar bith níos áille ná an ghealach os cionn a’ tsáile
Ná bláth bán na n-airní bíos ag fás ar an draighean
Ó siúd mar bhíos mo ghrá-sa i ngach trilsí le breáchtacht
Béilín meala na páirte nach dearna riamh claon.

Is buachaill deas óg mé ‘tá triall chun mo phósta
‘Gus ní buan i bhfad beo mé mura bhfaighidh mé mo mhian
A chuisle is a stóirín déan réidh is bí romhamsa
Cionn deireannach den Domhnach ar bhóithrín Dhroim Sliabh.

Is iomaí cailín spéiriúil a d’imeodh uaim go héascaí
Is rósa síoda gléasta ‘s seoda gach dlaoi
Ach b’fhearr liom Bríd mar chéile ná iníon Rí na Gréige
Nárbh í Helen tharraing an léirscrios is cogadh ar an dTraoi.

‘S tuirseach ‘gus is brónach a chaithimse an Domhnach
Mo hata ‘mo dhorn liom is mé ag osnaíl go trom
‘S mé ag amharc ar na bóithre a ‘mbíonns mo ghrá-sa ag dul ann
‘S anois ag fear eile pósta, is gan í a bheith liom.

Nach mise atá thíos leis an pósadh sin bheith déanta,
’S nach gcodlaím san oíche ach ag osnaíl go trom.
‘S nár fhága mé an saol seo go mbeidh mé is tú, a chéadsearc
Ar an aon leabaí sínte is mo lámh faoi do cheann.