Ag an Phobal Dé Domhnaigh – Sean Nós na bhFear 2019

Amhránaí

Ag an Phobal Dé Domhnaigh

Ag an phobal Dé Domhnaigh thug mé mórghean don chailín,
Sí ba deise is ba bhreáithe dár tógadh riamh i mbaile,
Bhí a béilín mar bheadh an rós ann ‘s bhí a caoinchom mar bheadh an sneachta,
Ó, is a Rí, nach bhfuil mo lóistín san áit a gcóiríonn sí a leabaidh.

Tá an rógaire ó ‘mo mhealladh is tá an peaca á dhéanamh,
Tharraing sé mo chroí istigh agus bhí sé aríst á shéanadh,
Ach má tá do bhean sa bhaile agat ‘s do leanbán le bréagadh,
Pill arís uirthi, a shladaí, is cha bhíonn roinnt agam fhéin leat.

Dá mbíodh a fhios ag mo dheartháir mo leatrom, ba trua leis,
Dá mbíodh a fhios go dearfa, bheadh air imní agus buaireamh,
Fá mo chéadsearc a bheith ‘mo thréigean ‘s an créatúr bocht á lua liom
‘S tú m’ansacht ar fhearaibh Éireann ‘s in do dhéidh atá mé buartha.

Dá mbíodh péire glan sciatháin is mo chliatháin fhéin anuas liom,
Dá mbíodh, go dearfa go rachainnse ‘ón bhuachaill,
D’éireochainn fhéin in airde mar bheadh éanlaith fá na cuanta
Nó go n-inseoinn mo ghearán do mo leannán ar an uaigneas.

Bliain agus daichead dá mairfeása, a bhuachaill,
Do ghrá-sa cha dtabharfainn do éinne dá bhfuil ar an domhan,
Ach nuair nach bhfuil na buaibh agam ná na buaraí lena gceangal,
Seo mo chúig bheannacht déag duit ‘s beidh muid araon ag dul ‘na bhaile.