An tIolrach Mór – Corn Uí Riada 2012

Téamaí

An tIolrach Mór

Nár éirigh mé go feargach ar maidin moch Dé Domhnaigh
‘Gus chuir mé mo chuid bhróga orm le dhul go Tír an Fhia,
‘Gus sa ngleann a raibh an fear marbh sé casadh an tIolrach Mór orm,
Is nár gheall le dúchán móna é  is é go gróigthe ina shuí.

Agus nár ghlaoigh mé sraoill is amhas air, mac amadáin is óinsí,
Cineál sclabhais dúchais agus mór Chathail Bhuí,
Óra sin agus mo mhallacht duit, is gan rath a bheith aríst go deo ort,
Mar is tú thug an coileach óg uaim ba ghleoite a ligfeadh glaoch.’

‘Muise stop do bhéal ar ais agus ná maslaigh mé chomh mór sin,
Dar mo mhionna agus dar mo mhóide ní mise a d’ith an t-éan,
Mar níor mhór dhom a mbeadh de bhrabach ort i dteach na holann dóite,
Mar is fear thú a bhíodh go fiúntach i gcónaí i dteach an óil.’

Muise téirigh arís abhaile agus fiafraigh de Nóra,
Sin é an t-ainm a bhí ar an ógbhean a’ scóladh a chinn,
Is an an clumhach a bhí ar a easnacha, sa teallach a fuair me dóite é,
Agus d’ith muid i gcomhar é agus ní raibh muid uilig buíoch.’

‘Muise stop, a sclabhaire, níor ith muid i gcomhar é,
Ná rud ar bith den sórt sin gan na comharsana a bheith buíoch,
Ach tú féin a chroch leat é faoi do dhá sciathán mhóra,
‘Gus ní chaithfear ráithe an fhómhair nó go gcuirfidh mé ort dlí.’

‘S nach bhfuil cuid de leabhar an tseanchais le n-inseacht agamsa fós dhuit,
Is nuair a chluinfeas tú na glórtha, beidh na deorachaí leat síos,
Agus gheobhaidh tú amach san seanchas gur mac leis an Dearg Mór mé
Is más troid atá tú a thóraíocht, seas romham is ní bheifear buíoch.’

Nár chuir sé a chulaith ghaisce air féin in arm is in éadach,
Agus an claíomh ba géire dá mb’fhéidir leis a fháil,
Ach bhí mise agus mo speal is dheamhan folach ach mo léine,
Nó gur throid muid a chéile go raibh sé deireanach ins an lá.

Is nár gheall le tinte tóirní a bhí na hairm a bhaint ó chéile,
Agus ag goil faoi don ghréin sea b’éigean domsa a rá,
Gur i ngeall le péire tairbh muid ag fuirseadh sa ngleann sléibhe,
Agus dúshlán aon fhear ó Éirinn fáil amach cé againn ab’fhearr.

Ach an darna dorn a tharraing mise bhuail mé ar chnámh a ghéill é,
Óra shín mé é gan bhréag agus chuir mé meabhrán ina cheann,
‘Gus séard a dúirt sé liom, ‘Ná maraigh mé is molfaidh mé go haer thú
Mar cosnóidh tú clú Éireann dá mbuíochas ar ball.’