Bean a’ Leanna – Sean Nós 2

Téamaí

Bean a’ Leanna

Agus éirigh i do shuí a bhean a’ leanna
Is ná bac le do chaipín a ghléas’
Nó go bhfaighidh tú dhom braon uisce beatha
Nó cárt de do chuid leanna fhéin
Mar beimid ag ól go maidin
Seo sláinte na bhfear thú go léir
’S nuair a fhágfas an máistreás an baile
Beidh an cailín is deise agam fhéin.

Is a Dhia céard a dhéanfas mise amáireach
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá a’ goil aniar,
Mar ní fhéadfaidh mé tíocht ina láthair
Leis an méid a bhí eadrainn ariamh,
Nuair a smaoiním ar a súgradh ‘gus ar a gáire,
Is ar inneach a dá láimhín fial,
Is nach sileann mo chroí bocht i ndólás,
Agus goileann mé mórán ‘na diaidh.

Is bhí mise an oíche cheana is mé súgach
Is mé ag triall ar tigh Mhicil sa ngleann
Bhí streancán de phíobaire caoch ann
Agus jug fuisce líonta aige ar chlár
Is nár thit muid lag marbh sínte ann
‘S ní raibh meabhair i mo chois ná i mo láimh
Is nár b’fhearr dhuit a bheith i do chodladh taobh thuas dhíom
Ná a bheith i gCorcaigh dhá uair roimh an lá.

‘Gus is fada mo chosa gan bróga ‘gus fada mo phócaí gan pingin
‘Gus fada mé ag siúl le mná óga
Ach níor shiúil mise fós le mo mhian
Is fada mo chróchair dá déanamh
Is mo chónra dhá gearradh ag an saor
‘S mo thuamba dá tógáil ón ngearradh
‘Gus buachaillí óga ag dul faoi.

Muise shiúil mise bogach agus sléibhte
Agus cnoic a bhí géar as a mbarr
Is go leor bealaí eile nach ndéarfad
Is gan unsa ar bith céille i mo cheann
Ach nuair a smaoiním ar mo stáidbheanín bhéasach
Nach luífidh mé taobh léi go brách
Ach seo beannachtaí Éabha agus Ádhaimh dhaoibh
Agus íocfaidh mé fhéin an reicneáil.