An Buachaillín Múinte – Corn Uí Riada 2019

Amhránaí

Téamaí

An Buachaillín Múinte

‘S a bhuachaillín mhúinte, céad faraor cráite
Go dtug mé grá dhuit i dtús mo shaoil.
Shiúlfainn Éirinn ‘gus thart Cruach Phádraig
Ach, is a bhfuil mo ghrá bán ní bhfaighinn aríst.

Do dhá shúilín thaitneamhach is do bhéilín a gáirí
‘Gus dath an óir bhuí ar ghruaig do chinn,
Do ghrua ba deirge ná rós sa Márta
Mo rún is mo stóirín is tú bhris mo chroí.

Bheirim mo mhallacht ar a arm Gallda
‘Sé a bhain mo ghrá dhíom i dtús mo shaoil,
Is liachtaí lá breá ‘gus oíche airneáin
A chaith mé i ngrá leat ar an mBóthar Buí.

Dhá dtagadh sé sa saol go mbeinn leat pósta
‘S mura mairfinn beo leat ach aon bhliain amháin,
Bheinn go síoraí ag smaoineamh ar do bhrollach síodúil,
‘S mo chroí dhá inseacht nach bhfuil maith dhom ann.

Nach truaigh mo scéalsa ag gol i do dhiaidhsa
Is mo chroí dhá réabach i mo cheart lár
Tá deireadh mo chainte le do bhéilín ráite
A rí na glóire nár mhór an feall.

Nach iomaí lá breá ‘gus oíche airneáin
A chaith mé i ngrá leat i dtús mo shaoil
Ach a Dhia dhá réiteach níl maith dhá shéanadh
Mo chuid don tsaol thú is tú bhris mo chroí.

Nach truaigh nach bhféadfainn do chás a réiteach
‘S an brat trom céatach a bhaint go do chroí
Ach ag silt na ndeora os cionn do chónra
Céad faraor dóite is thú go domhain i gcill.