An Spailpín Fánach

Amhránaí

An Spailpín Fánach

Ó is a spailpín aerach tréitheach mise ‘s bígí a’ soláthar mná dhom,
Mar a scaipeann an síol faoi dhó san Earrach in éadan na dtaltaí bána,
Is mar a scaipeann an síol faoi dhó san Earrach in éadan na dtaltaí bána,
Mo láimh ar an gcéacht i ndiaidh na gcapall agus go réabfainnse cnoic le fána.

Ó is a chúig chéad slán leat dhúthaigh m’athar agus go deo deo don oileán grámhar,
Don scata fear óg atá i mo dhiaidh ag a baile a chliseann orm in am an ghátair.
Tá Baile Átha Cliath dóite ‘s tógfar Gaillimh beidh lasair ina thinte cnámha.
Beidh fíon agus beoir ar bord ag m’athair sin cabhair ag an spailpín fánach.

Ó ‘s an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise ó bhí mé a bhí súgach sásta,
‘S an dara lá dhár liostáil mise ó bhí mé buartha cráite.
‘S an tríú lá dár liostáil mise thabharfainn cúig chéad punt ar é fhágáil,
Ach dá dtugainn sin agus an oiread eile ní raibh mo phas le fáil a’am.

Agus bhí mise lá breá ar mhargadh Chill Chainnigh agus tháinig sé go trom ag báisteach,
Agus tharraing mé isteach ach chuir mé cúl le balla agus thosaigh mé ag glaoch na gcártaí
Mar a shiúl isteach orm ach bean a’ leanna féachaint a n-ólfainn mo pháighe,
’S dheamhan deoir dár glaodh as sin go maidin ná raibh thíos in aghaidh an spailpín fánach!

Agus bhí mise lá breá thíos i nGaillimh agus bhí an abhainn ag dul le fána,
Bhí an breac ’s an eascann ’s an beairtín slat ann ’s ’chuile ní dhá bhreáichte
Is bhí mná óga ann go múinte tógtha ’s iad a bhí tanaí tláth-dheas,
Deamhan bean óg dár shuí mise léi nach chuir mise an dubh ar a’ mbán di!

Agus b’fhaide liomsa lá ’bheinn i dteach gan charad ná bhliain mhór fhada ’s ráithe,
Is buachaillín aerach meanmnach mise is bhréagfadh a bhruinneall mhánla.
Dhá bhean déag ’bhí ag éad ’s ag iomaí liom a’ súil le tairbhe mo láigh!
Is é paidir na caillí nuair a théim thar an tairseach:
“Now behave yourself a spailpín fánach!”

Amhráin eile le Róisín Chambers