Caisleán a’ tSléibhe – Sean Nós na bhFear Oireachtas 2017

Caisleán a’ tSléibhe

Is fada a bhéas trácht ar an gCaisleán atá déanta
Nach bhfacthas a leithéid san oileán seo fós,
Tá fascadh ann ón ngaoithe, ón ngrian, is ón mbáisteach
Cead rince agus spóirt ann ag sean agus óg.

Casadh thart mise ann tráthnóna Dé hAoine
Is le titim na hoíche sea dhúin sé ina cheo,
‘Gus cóiríodh mo leaba ‘gus b’éigean dhom síneadh,
‘S níor fhága mé aríst é go maidin Dé Luain.

Tá na grátaí thrí lasadh ann ó mhaidin go faoithin,
Tá bord cur thar maoil ann le fataí ‘gus feoil,
Tá an t-arán go fial fairsing dá ghearradh is dá roinnt ann,
Tá an tae ‘gus tá an t-im ann is bainne na bó.

Tá an bhó ‘gus an lao ar mbuaile ann ag géimneach,
Tá an gabhar geal ag méileach, tá an chaora is an t-uan,
Tá na broic ann ag tafann le héirí na gréine,
Is na mionnáin ag léimneach ag imeacht sa drúcht.

‘S nach iomaí fear ceirde a chuaigh ariamh tríd an tír seo
‘Chaith tamall le saoirseacht sna tíortha go leor,
‘S dá mairfeadh an Gobán is an chúirt a fheiceáil déanta,
Ní chreidfeadh ón saol nó is fear draíochta atá in Joe.

Tá na faoileáin ag triall ann aniar ó na Sceirdí,
Tá nead na gcorréisc ann an eala is an ál,
Tá fuaim na mea-ghabhair ann, an londubh is an chéirseach,
Neart ceol agus pléisiúr ag an té a d’fhanfadh ann.

‘Gus anois teacht an fhómhar caithfidh mé téarma,
‘S nuair a sheolfas na ladies ó Mheiriceá anall,
‘S nuair a shocrós an cogadh agus déanfar an réiteach
Beidh caisleán an tsléibhe againn dhúinn fhéin go lá brách.