Amhrán Rinn Mhaoile – Sean Nós na mBan 2015

Amhrán Rinn Mhaoile

Scríobhfainn ‘s léifinn leabhra Gaeilge cé gur milis a blas
‘S dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire ghlas
Ó dhéanfainn teach téagair do mo chéad searc ‘s bhréagfainn í seal
Is fear eile ar mo thréartha níorbh fhéidir nó d’éalódh leis bean.

Is nár fhaigh mé bás choíchín nó go gcaithfidh mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó agam ‘s caoirigh ‘s mo mhian ar an mbaile údan thall
Tá bean óg sa tír seo ag cur eadrainn gach aon dara lá
Ach nár fháigh sí bás choíchín go mbeidh sí ag caoineadh gus mise ag mo ghrá

‘S tá mé mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir
Ag cur na tine seo síos do mo mhian is dhá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘s a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal
Tá na coiligh seo glaoch ‘s Rinn Mhaoile na gcodladh ach mé fhéin.

Is tá siad dhá rá gur tú sáilín socair i mbróig
Is tá siad dhá rá gur tú béilín tanaí na bpóg
Ó tá siad dhá rá a mhíle grá go dtug tú dhom cúl
Ach nár fhágha siad na grásta má fhaigheann aon fhear eile uaim thú.

Is gheobhfaidh mé bás le grá do leagan do shúl
Is gheobhad dhá bhás le grá don dá chois atá fút
Ó gheobhad trí bhás má fhaigheann aon fhear eile uaim thú
‘Chúilín taitneamhach gan smál, mo chrá má cheilimse thú.