Eleanóir na Rún – Amhráin in Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Eleanóir na Rún

Sheolfainn fhéin na gamhna leat Eleanóir na rún
Is ort a bhím ag smaoineamh, tráth a mbím ar mo shuan
‘S a ghrá don tsaol is don chéad searc ‘s tú is deise ná ban Éireann
‘S a bhruinneallín deas óg ‘s tú is deise is milse póg
Ach chúns a mhairfeadh beo beidh gean agam ort
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat, Eleanóir na rún.

‘S bhí bua aici go meallfadh sí na h-éanlaith ón gcrann
Is bhí bua eile aici go dtógfadh sí an corp fuar ón mbás
Bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé, sí grá mo chroí is mo chéad searc
‘S a bhruinneallín deas óg, ‘s tú is deise is milse póg
Ach chúns a mhairfeadh beo beidh gean agam ort
Mar is deas mar sheolfainn na gamhna leat, Eleanóir na rún.

An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú Eleanóir na Rún
Nó an aithneofá an té nach gcáinfeadh thú, a chuid don tsaol ‘s a stór
Ó tiocfaidh mé is ní fhanfaidh mé
Is maith d’aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé
‘S a bhruinneallín deas óg, ‘s tú is deise is milse póg
ach chúns a mhairfeadh beo, beidh gean agam ort
Mar is deas mar sheolfainn na gamhna leat, Eleanóir na rún.