An Carabhat – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

An Carabhat

Nach fada atá fuaim ag gluaiseacht eadrainn
Tuar chun spairne i gClár Uí Néill
Ó bhailte na tuaithe go bruach na farraige
Uabhar ‘s eagla ‘gus ár ar Ghaeil
Mar thá sé siosma ró-mhór ins an gcuan seo in aice linn
‘S an Eaglais buartha ar uair an Aifrinn
Ag sileadh na súl ag tabhairt chomhairle bhur n-anam díbh
Tháimse im’ chodladh nó is fíor mo scéal.

Sé teagasc na cléire ‘s de réir na hEaglaise
De réir mar mheasaimse b’fhearr chun Dé
‘S ní dul chun an aonaigh le faobhar ar mearthall
Go tréan faoi arm is lámhach na bpiléar.
Ag imeacht le baois ‘déanamh aimhleas bhur n-anama
Mar a bheadh daill gan radharc ar mearthall
Ach geallaimse díbh go bhfuil bhur naimhde ag magadh fúibh
Tháimse im chodladh nó is fíor mo scéal.

A bhuachaillí gnaoi ná bígí i bhfeirg liom
Mar is díbhse a spreagadh mo ráite béil.
Tagann osna im’ chroí nuair a chím ná leanann sibh
Dlí na hEaglaise is áille méin.
Nach dearbh an scéal bheith le léamh ag na Gallaphoic
Gurb í Clanna Gael thá ag déanamh an achrainn
Ag fealladh ar a chéile faoi ghné gach seana-chirt
Bheist agus carabhat bán do thréig.