An Caiptín Ó Máille

An Caiptín Ó Máille

An chéad lá go mhí an Fhómhair sea chroch muid na seolta,
Thar timpeall leis na cóstaí is go Tóin an Mhionnáin siar,
Agus thart anseo le Cliara ‘gus Acaill Bheag taobh thiar di,
‘S go Inis Airc ár dtriall, is beidh aoireacht chruinn ann.

Agus thart le Rinn an Mhaoile ‘gus síos le Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh sin is Trá Bhríde ina dhiaidh,
Nó gur dhoirt muid le fána, in aghaidh farraige ‘gus í ag cáitheadh,
‘S go ndeachaigh muid don Rátha, mar is ann a bhí ár dtriall.

Is ag síneadh dhúinn le Árainn sea mhéadaigh ar an ngála,
Is bhí cúrsaí istigh ar thráth againn is ní mba tráth faillí é;
Ach gur ardaigh sé chun feochaint is as sin chun gaoithe móire,
‘Gur chrochamar na seolta, ‘gus níor mhór dhúinn é in am.

Ó an fharraige gur léim sí, is las na tonnta tréana
Chruinnigh ins na spéartha agus mhéadaigh ar an gceo
Is dá mbeadh caint ag na clára, nach n-inseoidís scéal cráite
A ghoireacht is chuaigh an bás dúinn is gan eadrainn ach iad.

Is bhí criú na loinge ar aon chor is iad ag dearcadh ar chlár m’éadain,
Ag súil le cabhair a dhéanamh is gan aon mhaith dhóibh ann,
Ach go dhúirt mé leo ar aon chor go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn,
Ag iompar a cuid éadaigh an fhad ‘s a b’fhéidir leí snámh.

Agus tá mo lámha stróicthe go síoraí ag tarraingt rópaí,
Is tá an craiceann agus an fheoil is iad tógtha amach on gcnáimh
Má sé an bás a gheall Mac Dé dhúinn, cén mhaith a bheith dhá shéanadh
Ach a ghoil go Flaithis Dé dhúinn in aon staid amháin.