Ag Damhsa ar an Aer – Sean Nós na bhFear 2022

Amhránaí

Téamaí

Ag Damhsa ar an Aer

Is mise an lá, is tusa an oíche.
Is tusa na seolta, is mise an ghaoth.
Is mise do chuisle, is tusa mo chroí .
‘S tá chuile lá gan thú chomh fada le mí.
Tá chuile lá gan thú chomh fada le mí.

Is mise an cnoc, is tusa an gleann.
Is tusa an gáire, is mise an greann.
Is mise an dúch, is tusa an peann.
‘S mura scríobhfaidh muid amhrán, scríobhfaidh muid dán.
Mura scríobhfaidh muid amhrán, scríobhfaidh muid dán.

Is mise an tart, is tusa an leann.
Is tusa an duilliúr, is mise an crann.
Is mise an fód, is tusa an sleán.
Bíonn tusa láidir nuair nach mbíonn mise teann.
Ó bíonn tusa láidir nuair nach mbíonn mise teann.

Is mise an mhuir, is tusa an cuan.
Is tusa an daingean, is mise an buan.
Is agamsa atá an mian, ach is agatsa atá an rún.
Tá tusa i do chodladh, ‘s tá mise gan suan.
Tá tusa i do chodladh, ‘s tá mise gan suan.

Is tusa an damhsa, is mise an ceol.
Is tusa an smúit, is mise an ceo.
Is tusa an tine, is tá mise ag dó.
Is tusa an sonas ‘s tá mise gan só.
Is tusa an sonas ‘s tá mise gan só.

Is tusa an ceoltóir, is tusa an port.
‘S tá mise ag damhsa ‘s ag craitheadh na gcos.
Is tusa an ceoltóir – ag seinm mo phort.
‘S tá mise ag damhsa ar an aer, mar bheadh fear ar an gcroch.
Tá mise ag damhsa, mar bheadh fear ar an gcroch.