Cath Chéim an Fhia – Sean Nós na bhFear 2016

Cois abhainn Ghleann an Chéime in Uíbh Laoghaire sea bhímse
Mar a dtéann an fia san oíche chun síor chodladh só
Ag machnamh seal liom féinig, ag déanamh mo smaointe.
Is mé ag éisteacht i gcoillte le binn guth na n-eon
Nuair a chuala an cath ag teacht aniar,
Is glór na n-each ag teacht le sians
Le fuaim an airm do chrith an sliabh,
Níor bhinn liom a nglór
Thángadar go námhadmhar mar thiocfadh garda de chonaibh nimhe
Agus cumha mo chroí na sár fhir d’fhágadar gan treoir.

Níor fhan, bean ná páiste i mbun áitribh ná tí acu
Ach na gártha goil a bhí acu ‘s na mílte olagón
Ag féachaint ar an garda teacht láidir ‘na dtimpeall
Ag lámhach ‘s ag líonadh ‘s ag scaoileadh ‘na dtreo
An liú gur leath i bhfad i gcéin;
‘Sé dúirt gach flaith ‘nár mhaith leis triall
“Gluaisíg go mear tá an cath dá riar
Agus téimís ‘na gcomhar”.
Thángadar na sár-fhir, i gcuim áthas ar Chlanna Gael
Thiomáineadar na páinthigh le fánaidh ar seol.

Ba ghairid dúinn go dtáinig lámh láidir ár dtimpeall
Do scaipeadar ár ndaoine ins gach muilinn faoin gceo
Bhí an Barrach ‘na bhumbáille acu, Barnett ‘s Beecher,
Hedges agus Faoitigh, is na mílte eile leo.
A Rí na bhFeart go leaga iad
Gan chlú, gan mheas, gan rath, gan séan.
I dtinte teasa i measc na bpian
Gan faoiseamh go deo!
Céad moladh mór le hÍosa nár dhíolamar as an dtóir
Ach a bheith ag déanamh grinn de ‘s á insint ar só.

Is ins an bhliain seo anois atá againn beidh rás ar gach smíste
Leagaim insan díog iad, draoib ortha agus fóid
Ní iarraim cúirt ná stáitse, ach ardchroch ‘na suí againn
Is an chnáib go slachtmhar snaidhmthe le díoltas ina gcomhair.
Is acu atá an tslat, is olc í a riail
I gcóistibh greanta is maith é a ngléas.
Gach sórt le caitheamh acu, fleadh agus féasta, ag béaraibh ar bord
‘Sé deir na húdair cruinn liom sara gcríochnaigh siad deire an fhómhair.
Ins a leabhar Pastorini go ndíolfaid as an bpóit.

Do bhí Smith ar a thárr in airde, ar ardleacain fhraoigh dhuibh,
Ba ghránna a bhí a ghnaoi ‘s gan tinte ar a thóin
Nár bheire crích is fearr é an t-ál san Chalbhin choíche
Nár ghéill riamh do Chríost, ach ag puimp agus póit
Beidh na mílte fear ag teacht gan chiach
I longaibh meara, is fada é a dtriall,
‘S an Francach theas nár mheathlaigh riamh,
I bhfaobhar is i gcóir.
Beidh cathracha á stríocadh agus tinteacha á lasadh leo
Tá ‘n cairde fada díolta ‘gus líonrith ina gcomhair.

‘S a Chlanna Gael na n-áran, ná stánaigh is ná stríocaigh
Is gearr anois gan mhoill go mbeidh críoch ar bhur ngnó
Tógaíg suas bhur gcráiste tá an t-ál so le díbirt,
Go hIfreann á dtíoradh i dtinteachaibh teo.
Bíodh bhur bpící geala i gceart i ngléas,
Téig ón catha ná fanaíg ‘siar,
Tá an chabhair ag teacht le toil ó Dhia
Agus léiríg na póirc
Sáigí isteach go dána, in áitreamh a dtáinig romhaibh
Is mithid díbh é fháil’s tá ‘n cairde maith go leor.

Stadfad feasta ‘em dhántaibh táim láimh leis an gcríonnacht
Tá an iomarca den droch-chroí agam do bhuíon na mbolg mór.
Ní gean dom a thuilleadh a rá leo, nára fearrde don mbuíon é,
Ach ár agus sceimhle go dtigidh ar a gcór;
Nárbh díon dóibh stad ar sheal dá ngléas
Nárbh díon dóibh carraig, cnoc ná sliabh
Mar a mbíodh an sionnach mear dá fhiach
Agus a ghéim ach ar seol
Bíodh gach sárfhear chroíúil, píce ‘gus slat ‘na dhóid
Ag súil le sásamh choíche ná díol as go deo.