Amhrán Mhuínse – Sean Nós na bhFear

Amhrán Mhuínse

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó i sléibhte i bhfad ó thír
Is gan aon neach beo i mo ghaobhar ann ach an raithneach glas is fraoch
An sneachta a bheith ag titim anuas, is an ghaoth dhá fuadach dhíom
Bheinn ag comhrá le mo Taimín Bán, is níor b’fhada liom an oíche’.
Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas mé tá an Geimhreadh seo teacht fuar?
Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas an teach seo is a bhfuil ann?
Nach óg a stór is mé ag imeacht uaibh le linn na huaire breá
Le linn don chuach a bheith ag seinm ceoil is gach duilliúr glas ag fás.

Is gearraí’ amach mo chónra dhom as fíor scoth geal na gclár
Is má tá Seán Ó hEidhin i Muínis bíodh sí déanta ó na láimh,
Bíodh mo ribín is mo chaipín inti istigh, go ró dheas ar mo cheann,
Is beidh triúr ban óg ó shléibhte isteach le mé chaoineadh os cionn cláir.

Dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighinnse bás
Is thórróidís go fiúntach mé trí oíche agus trí lá.
Bheadh píopaí fada cailce acu, na ceaigeannaí is iad sách  lán
Is tabharfaidh Páidín Mór go Muínis mé nó is garbh a bheas an lá.