Casadh an tSúgáin – Sean Nós na bhFear 2018

Amhránaí

‘S nach é sú an ghráinne eorna a tharraingíonn clampar, gleo ‘gus caint
Ach luach an óil go deo ní bhfaigh muid ar ais
Go n-athraíonn an chóir is go dtéann an ghaoth mhór ó thuaidh is ó dheas
Ach go deo na ndeor is liomsa an póg ó sí an bhean.

‘S nach thíos i Sligeach a chuir mé eolas ar na mná,
‘S nach thiar sa mbaile a d’ól mé leo mo sháith,
Dar bhrí mo mhaide mara ligfidh sibh dhomsa amhlaidh seal mar atá,
Óir déanfaidh mé cleas a bhainfeas siúl as na mná.

‘S d’imir mise beart i dTeach Uí Dhomhnaill aréir,
An dara cleas i dteach a bhí go dlúth lena thaobh,
An tríú teach, cén mhaith dhom é chur ar mhalairt scéil
Mar fuair an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.

’S dhá mbeadh spré ag an gcat is deas a phógfainn a béal
‘S an cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a ruaigfí é
Tá iníon na caillí, gliobaí, cataithe, pósta ó inné
‘S mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógadh a béal.

Ó chuirfinn ’s bhainfinn ’s chraithfinn an síol go domhain i gcré,
Seolfainn ba sa bhfásach a mba airde a mbeadh féar,
Chuirfinn crú ar an each ba chorraí, casta ba airde a chaithfeadh léim,
’S nach bpósadh fear le bean nach ndéanfadh é sin fhéin?

Is dhá mba mil í an raithneach, is deas a shiúlfainnse le mná
Mar níl siad leath chomh dona ‘gus a bhíonns daoine a rá
Mar is buachaill mise a d’imigh ‘gus a d’ól mo sháith
Ach chuireadar an cluiche orm ag bogadh an tsúisín bog bán.

‘S chuaigh mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá,
Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúithi ar lár,
Níor bhreathnaigh mé tharam íseal, uasal ná ard,
Ach chuir mé cois lena cois ag bogadh an tsúisín bog bán.

Is a rí na bhfeart cé as a ndéanfaidh mé mo bhrón
Mar níl tú deas níl a’am ealach laoi ná bó
Mar a bhfuil tú bríomhar, spreagúil, seasmhach as do lár
Óra fan i bhfad amach uaim ag bogadh an tsúisín bog bán.

’S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán a’ tí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom chuile orlach i do chroí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom go ló geal ‘s oíche
’Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.