Amhrán Mhaínse

Amhránaí

Amhrán Mhaínse

Dhá mbeinn trí léig i bhfarraige
Nó ar shléibhte i bhfad ó thír
Gan aon neach beo i mo ghaobhar
Ach an raithneach glas is fraoch,
An sneachta dhá shéideadh anuas orm
An ghaoth bheith dhá fhuadach dhíom,
Is mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán
Níor bhfada liom an oíche.

A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé?
Tá an geimhreadh seo a’ teacht fuar.
A Mhuire dhílis céard a dhéanfas
An teach seo is a bhfuil ann?
Go hóg a stór a d’imigh tú le linn na huaire breá
Le linn don chuach a bheith ag seinm
Is gach duilliúr glas i fás.

‘Óra gearraí amach mo chónra dhom
As fíor scothgheal na gcláir
Is má tá Seán Ó hEidhin i Maínis
Bíodh sí déanta óna láimh,
Bíodh mo hata is mo ribín inti istigh
Is iad go ró dheas faoi mo cheann,
Is go bhfuil triúr ban óg ó shliabh a’am
Le mé a chaoineadh os cionn cláir.

Is dhá mbeadh mo chlann sa mbaile a’am
An oíche úd a bhfaighinnse bás
Nach dtórróidís go fiúntach mé
Trí oíche ‘gus trí lá.
Bheadh píopaí fada cailce orm
Na ceaigeannaí is iad lán
Is thabharfadh Páidín Mór go Maínis mé
Nó is garbh a bheadh an lá.

Is ag goil siar le hInse Ghainimh dhúinn,
Bheadh an bratach ina leath crann
Ná tugaí’ go Leitir Caladh mé,
Mar níl éinne ann go mo dhream
Ach tugaí’ siar go Maínis mé,
An áit a gcaoinfear mé os ard
Beidh soilsí ar na dumhchannaí
‘S ní bheidh uaigneas orm ann.