An tSeanbhean Bhocht – Corn Uí Riada 2009

An tSeanbhean Bhocht

Trua gan tú sa chlúdaigh agam a sheanbhean bhocht
Trua gan tú sa chlúdaigh agam a sheanbhean bhocht
Trua gan tú sa chlúdaigh agam is lán mo dhoirne súiche agam
Nár dheas an t-uisce súl a dhéanfadh ‘n tseanbhean bhocht

Is trua gan tú sa cheárta agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa cheárta agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa cheárta agam is cruitheacha ar do shála agam
Nár dheas a’ capall rása ‘dhéanfadh an tseanbhean bhocht.

Is trua gan tú sa mhuileann agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa mhuileann agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa mhuileann agam is lán mo dhoirne mine agam
Nár dheas an ‘dusty miller’ ‘dhéanfadh an tseanbhean bhocht.

Is trua gan tú sa bhád agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa bhád agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa bhád agam is do dhá chois in airde agam
Nár dheas na maidí rámha ‘dhéanfadh an tseanbhean bhocht.

Ar chuala sibh nó an bhfaca sibh mo sheanbhean bhocht
Ar chuala sibh nó an bhfaca sibh mo sheanbhean bhocht
Chonaic muid ar a’ mhargadh í, is í ag cuntas a cuid airgid
Is buachaill as na Cealla a’ baint dealg as a cois.

Dhéanfaidh mé teach mór do mo sheanbhean bhocht
Dhéanfaidh mé teach mór do mo sheanbhean bhocht
Dhéanfaidh mé teach mór di is ceannóidh mé bó di
Ach b’fhearr liom buachaill óg a deir an tseanbhean bhocht.

Caidé do ghnaíthe ag geabaíneacht a sheanbhean bhocht?
Caidé do ghnaíthe ag geabaíneacht a sheanbhean bhocht?
Caidé do ghnaíthe ag geabaíneacht is gan fiacail i do chab agat?
Ó go dtógaí an rí ón teallach uaim an tseanbhean bhocht.