Ar Maidin Dé Máirt – Sean Nós

Téamaí

Ar Maidin Dé Máirt

Ar maidin Dé Máirt bhí ábhar mór goil agam fhéin:
Bhí na gloiní ar clár ‘s iad lán amach go dtí’n béal,
A cumann is a cás a mhíle grá dá raibh eadrainn ariamh,
Mo chúig míle slán le do lámh a bhí tharam ‘s nach mbíonn.

Nach cuimhin leat an oíche údaí ‘bhí mé ‘s tú ainnir na gciabh,
Nár luí insa fhraoch ‘gus an saol ag gabháil tharainn aniar
Cé gur milis a ‘rud an fíon, is díomasach bíos duine ‘na dhiaidh,
Bhí do theachtaire críonn’ faraor is bhí mise gan chéill.

Nár fheice mé go deo deo do phósadh, do bhainis ná do dháil.
Nár fheice mé fhéin aon bhean eile ar do lámh,
A chluainteoir ban Éireann ‘s tú b’fhéile dár ghlac riamh lámh,
‘S dar mionna mo bhéil ní bréag a bhfuil mé a’ rá.

Tá a lán de na mná mbíonn a ngrá leo ar bharr a gcúig méar,
‘S a n-intinn le fáil ós ard ag fearaibh an tsaoil.
Ní h-é sin do mo ghrá-sa nó is lách an mhaise dithe é
‘S nár fheice mé an lá nach mbeidh ’n fáinne gabháil eadrainn araon.

Is cuma le lucht na mbréag ach an méid údaí ‘s toil leo a rá,
Lánúin a chur ó chéile, ‘s caidé dhéanfas mé diobháil mo ghrá
A chluainteoir ban Éireann dá ndúblófá cionn orm féin
Bheinn is tú go dlúth, gan smúid ar leabaí chluimh éin.