Ceol Loch Aoidh – Sean Nós na mBan 2014

Ceol Loch Aoidh

Seanfhocal a chuala mé
Is a chreidfeas mé i gcónaí
Gach aon ariamh mar oiltear é
Is an fhuiseog ins a’ mhónaidh
Cé bith tír a rachaidh mé ann
Nó a mbeidh mé i mo chónaí
Beidh mo chroí istigh ag bruach Loch Aoidh
I lár na sléibhte móra.

Tá dhá oileán ar an loch bheag seo
Comh deas is tá in Éirinn
Bíonn an lach is an ghé is nead aca
Faoi thom-bhláth ghorm fraochlaigh;
Go mb’fhearr liom bheith ag iascaireacht
Breac geal uirthi sa’ tséasúr
Nó bheith i gcaisleán thall i Sasain
Ag na huaisle uilig ar féasta.

Ó’n chnoc árd glas taobh thall den loch
Tá an t-amharc aoibhinn álainn
Na loingeas ag teacht thar farraige
Ó Dhoire isteach go Málainn
Siúl ansin a b’aite liom
Ó mhaidin go dtí an oíche
Is nach smaointeochá ar aon pheaca
Leis na huain bheag óg ag éigmheáil.

Is iomaí lá breá fada ansin
A chaith mé ar bheagán buartha
Is iomaí lá breá fada ansin
A chaith mé ag déanamh uabhair
Seoladh na mbó breac amach
Fríd ghleanntáin deas na luachra
I ndiaidh a bheith san loch ó theas
Na gréine ag iarraidh fuaruidh.

Is iomaí maidin Shamhraidh ann
A d’éirigh mé i m’óige
A d’éisteacht leis na héanacha
Ag déanamh a gcuid ceoil-binn
Is iad ag goil go thom go tom
Ag éiteallaigh go ceolmhar
‘S a nguth lán-bhinn fá dhuilleabhar
Is fá ghéagaibh chrannaibh óga.

Sin an áit ar oil mo mhuintir mé
Nuair a bhí mé tréith-lag baoideach
Sin an áit ar cuireadh a chodladh mé
Le ceoltaibh binne Gaedhailg
Seo an áit a mbím anois i bhfad
Ar shiúl ag déanamh uaignis
Is mé ag smaointiú ar mo bhunadh ‘tá
Na gcodladh ina an uaigh ghlais.