Máire Ní Mhaoileoin – Corn Uí Riada 2009

Téamaí

Máire Ní Mhaoileoin

Casadh orm ins an choill í, an spéirbhean álainn óg
Bhí gúna gorm teannta uirthi agus búclaí buí den ór
Mheall mé liom fán fhraoch í agus chaith mé léi an oíche
Is d’fhág mé ag gol is ag caoineadh í, mo chreach is mo mhíle brón.

“An dtiocfaidh tú ‘bhaint aitinn liom, a Mháire Ní Mhaoileoin?”
“Tiocfad is á cheangal leat, a chuid den tsaol ‘s a stór
Rachainn féin ‘un aifrinn leat, is ní le grá do m-anam é
Ach a gheall a bheith ag amharc ort, a óganaigh óig.”

“An dtiocfaidh tú ‘un ghairdín liom, a phlúr na mban óg?”
“Caidé a bheimis a dhéanadh ann, a ógánaigh óig?
“A’ baint úllaí de bharr géaga, mara mbí bric ar loch ag léimnigh,
Is cailín deas le bréagadh ann mar Mháire Ní Mhaoileoin.”

“An dtiocfaidh tú ‘un teampaill liom, a phlúr na mban óg? 
“Caidé a bheimis a dhéanadh ann, a ógánaigh óig?
“Ag éisteacht le cantaireacht ag ministéirí Gallda
Le go gcríochnóimis an cleamhnas ann, a Mháire Ní Mhaoileoin.”

Thug mé liom an teampaill í, mo chuid den tsaol ‘s mo stór;
Thug mé liom an teampaill í, mo chreach ‘s mo mhíle brón.
Tharraing mé amach mo scian bheag, is uirthi chuir mé faobhar
Is lig mé fuil a croí léi go hiallacha a bróg.

“Caidé seo atá tú a dhéanamh, a ógánaigh óig
Caidé seo tá tú a dhéanamh, a phlúr na bhfear óg?
Lig m’anam liom an uair seo, is ní éileoidh mé choíche arís thú,
Is go siúlfad na seacht ríochta le do leanbh beag óg.”

“Tiocfaidh an bás ar cuairt chugat, dhá uair roimh an lá
Is iarrfaidh sé cuntas crua ort fá gach cluain a chuir tú ar mhnáibh
Beidh tú istigh i seomra uaigneach, is braithlín geal anuas ort,
‘S nár mhaith an aithrí an uair sin dá mbeadh sí le fáil”

Lig mé síos le bruach na Bóinne í, mo chuid den tsaol is mo stór
Lig mé síos le bruach na Bóinne í, mo chreach ‘s mo mhíle brón
Bhain mé díom mo chóta, mo stocaí is mo bhróga,
‘Gus d’éalaigh mé sa cheobhrán ó Mháire Ní Mhaoileoin.

Tháinig sí ar cuairt chugam dhá uair roimh an lá
Leag sí a béilín fuar orm, is orm a chur sí a láimh
“Éirigh i do shuí a bhuachaill, is mithid duit a bheith ag gluaiseacht
Tá an tóir anois anuas ort fá bhás Mháire Ní Mhaoileoin.”