Bríd Thomáis Mhurcha – Corn Uí Riada 2017

Bríd Thomáis Mhurcha>

‘S a Bhideach na gcarad tuig feasta nach súgradh é,
Ó thug mo chroí gean duit ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Ó thug mise gean duit seachas cailíní deasa an tsaoil.
Is nach rí-mhór mo ghean ort seachas bean ar bith óg ins an saol.

Is a Bhríd Thomáis Mhurcha beirimse an barr leat fhéin
Ar gilleacht, ar finne, i ndeiseacht ‘gus áille méin
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseáin óir
Is an té a bheadh le t-ais-sa nach dtabharfadh sé soilse dhó.

Is gabhfaidh mé Gaillimh ‘gus ceannóidh mé gáirdín úll,
Is long agam-sa ar farraige le haghaidh a bheith ag déanamh spóirt.
Ar fhilliúint ó Shligeach dhom leide beag a fháil don chóir,
Deamhan a gcúlóinn faoin m’bealach nó go mblaisfinn de phóg mo stór.

’S má tá mise folamh, dar m’fhocal is mór an scéal,
Is a liachtaí sin óig bhean thug taitneamh do ghlór mo bhéal.
Dhá mbeadh sé cur sneachta ‘gus ag cur sioc as chuile cheard faoin spéir
Ach tusa lem ais-sa, deamhain a n-aireoinnse buaireamh an tsaoil.

’S an aonmhac Mhuire chuir sé an cuileann tríd an bhféar a’ fás,
‘S nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá
Ná bíodh sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil,
Bí thusa i do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.