Liam Ó Raghallaigh – Corn Uí Riada 2018

Téamaí

Liam Ó Raghallaigh

‘S an cuimhneach libhse an lá siúd a raibh an tsráid seo lán do eachtraí
Ag sagairt ‘s ag na bráithre agus iad seo trácht ar an mbainis.
Bhí an fhidil ar clár ann agus an chláirseach ‘s í dhá spreagadh,
Agus tríúr ann do na mná bána le haghaidh mo ghrása a thabhairt abhaile.

‘S in mo bhaintreach, nó i mo mhaighdean sea fágadh mé go hóg,
‘S tabhairigí scéala ag mo mhuintir gur báthadh mo mhíle stór.
Is dá dtéinnse sa mbád an lá siúd agus mo dhá láimhín a bheith ar an scód,
Ó, m’fhocal dhuit a Bhean Uí Raghallaigh gurbh é an tost a bheadh ortsa in áit an bhróin.

Is tá do shúile ag na péiste ‘gus do bhéilín ag na portáin.
Is do dhá láimhín ghlan ghléasta iad faoi ghéarsmacht na mbradáin;
‘S chúig phunt sea a thabharfainn don té a thógadh suas an cás dom
Ach ó chuaigh tú ag an trá an lá siúd agus leat ba deacair a thíocht abhaile.

Is ní hionadh liom thú a Liam Ó Raghallaigh agus tú in do chliamhain ag an rí,
Nó na cuirtíní geala glégeal, iad timpeall ort san oíche
Ó is maighdean ciúin céile ag réiteach a chinn,
‘Sé an trua ghéar thú a bhean a bheith i t’aonraic a Neilí ghlégeal Nic Shiúrtáin.

Dhá dtéadh siad go Coillte Eochaill agus an t-adhmad a cheannacht daor,
Ní bháfaí mo Liam Ó Raghallaigh ar chóstaí Malbay.