Nóra Ní Chonchúir Bháin – Corn Uí Riada 2017

Téamaí

Nóra Ní Chonchúir Bháin

Agus fadó thug mé grá do chailín óg i ngleann
‘S geallúint a’am í a fháil le pósadh,
Ach mo chreach nó mo chrá ní dhom-sa bhí sí i ndán,
Ach an té údaí nár tráchtadh fós air.

Sé do chumann a bhí gearr ‘gus a chlis orm ins gach gábh,
Nó go síntear mé faoi chlár sa gcónra,
Ach, a Nóra Ní Chonchúir Bháin sí do phóg ba mhian liom fháil,
Nó an bhfuil tú le bheith i ndán go deo dhom.

‘S is faide ná trí ráithe ná bheith ar mhullach an chnoic úd thall
‘S gan foscadh ar bith againn ann ná dídean
Is macasamhail í mo ghrá ní fhaca mé in aon áit
Le anachain mo chás di a inseacht.

‘S níl galra ar bith le fáil atá níos buaireadh ná an grá
Cé go scaipeann an bás na daoine,
Ach a phéarla an bhrollaigh bháin ar a dtug mo chroí dhuit grá
Nó go mbeidh muid lenár gcleamhnas déanta.

‘S nach bog ‘gus is úr a shileann mo shúil deoir,
‘S tá m’osna-sa go mór mar gheall ort,
’S go bhfuil fhios ag Rí na nDúl ó gur lig mé leat mo rún
Nó go dtug mé go bog úr mo ghean duit.

‘Gus litir i ndiaidh an éag, dhomsa a bheith i do dhiaidh,
‘S ní mhaithfidh mé mo phian go deo dhuit
Ach, a stóirín geal mo chléibh, ó mo beannacht duit is céad
Mar gheall nach bhfuil muid le pósadh.

Is dá dtéighinnse fhéin don Spáinn ‘gus theacht abhaile slán
Do ghrá-sa ní thabharfainn d’aon bhean
Ach a phéarla an bhrollaigh bháin ó is gile croí dhá láimh
Ná an eala is í ina suí ar Loch Éirne.

Is gile a píob ‘s a bráid ná cúr na toinne ar trá
Ná aol ar bhallaí tigh lá gréine
Agus a shiúir mo ghaol is mo dháimh gan mé is mo mhúirnín bán
Faoi choillte breá glasa na hÉirne.

Is a ógánaigh chaoin, ó lig mé leat mo ghnaoi
Cé gur ormsa a bhí an mór dícéille
Is go bhfuil fhios ag an saol nó ag an mbaile beag ‘ina mbím
Go leanfainn stór mo chroí dhá b’fhéadainn.

Is bhí mo ghrá chomh caoin nó gur bhain fear eile í dhíom
‘S a stóirín, tá mo chroí dhá réabadh.
‘S más fada nó gearr mo shaol,ó ní thiocfaidh mé ‘un do thí
Ná ní bhreathnóidh mé sa taobh a mbeidh tú.