Sí do Mhamó í – Corn Uí Riada 2013

Téamaí

Sí do Mhamó Í

Sí do mhamó í, ó sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid.
Sí do mhamó í, ó cheann Iorrais Mhóir í,
Chuirfeadh sí cóistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Dhá bhfeicfeása an steam ag goil siar Tóin Uí Fhloinn
‘S na rothaí ag dul timpeall amach thar a ceathrúnaí
Ó chaithfeadh sí súil/siúl naoi n-uaire ar a cúl
Ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid.

Sí do mhamó í, ó sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid.
Sí do mhamó í, ó cheann Iorrais Mhóir í,
Ó chuirfeadh sí cóistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Ó bhí mise lá is mé i mbealach an chinn
Is an eangach seo scaoilte agam síos leis an bhfarraige
Ní raibh mé i bhfad ann nuair a d’airigh mé an gleo
Ó, tháinig na fíogaí is rinneadar slad orm.

Sí do mhamó í, ó sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid.
Sí do mhamó í, ó cheann Iorrais Mhóir í,
Ó chuirfeadh sí cóistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Nuair a bhí mo Dhaideo ina leaidín beag óg
Nár cheannaigh sé an eangach seo thíos i gCois Fharraige
Nach b’fhearr liomsa go mór mo dhá chois a dhó
Ná eangach Mhamó a bheith caite le balla aige.

Sí do mhamó í, ó sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid.
Sí do mhamó í, ó cheann Iorrais Mhóir í,
Ó chuirfeadh sí cóistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Éirigh suas a Sheáin is beir ar do bhiorán
Nach mb’fhéidir go ndeasófá píosa den eangach seo
Mar bhí sé i do dhream is tá sé i do láimh
Is ba mhaith an fear báid tú ar thalamh is ar farraige.

‘Sí do mhamó í, ó sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid.
Sí do mhamó í, ó cheann Iorrais Mhóir í,
Ó chuirfeadh sí cóistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Beirt atá le pósadh, beirt atá le pósadh,
Beirt atá le pósadh thiar ar an mbaile seo
Beirt atá le pósadh, beirt atá le pósadh,
Seán Shéamais Mhóir agus Máire Ní Chathasaigh.

Sí do mhamó í, ó sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid.
Sí do mhamó í, ó bhaile Iorrais Mhóir í,
Agus d’íosfadh sí feoil Dé hAoine is Dé Sathairn

Measann tú an bpósfaidh, measann tú bpósfaidh
Measann tú bpósfaidh cailleach an Airgid?
Tá fhios agamsa nach bpósfaidh, tá fhios agamsa nach bpósfaidh
Mar tá sé féin óg agus d’ólfadh sé an tairgead.

Sí do mhamó í, ó sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid.
Sí do mhamó í, ó bhaile Iorrais Mhóir í,
Agus d’íosfadh sí feoil Dé hAoine is Dé Sathairn.