Mal Dubh an Ghleanna – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Mal Dubh an Ghleanna

Tá bó agam ar shliabh 
‘S nach fada mé ina diaidh
Nó gur chaill mé mo chiall dhá tóraíocht 
Dhá seoladh soir is siar chuile áit dhá dtéann an ghrian 
Nó go bhfillfeadh sí abhaile tráthnóna.

Is nuair a bhreathnaím féin anonn san áit a mbíonn mo rún 
Ó sileann ó mo shúile sruth deora 
Ach a Rí ghil na nDúl den fuascailt ar mo chúis 
Mar sí Bean Dubh an Ghleanna a bheoigh mé.

Sí Mal Dubh an Earraigh 
Sí Mal Dubh an Ghleanna 
Sí Mal Dubh is deirge ná an rós í. 
Ach dhá bhfaighinnse mo roghain de mhná óga deasa ar domhain 
‘Sí Mal Dubh an Ghleanna a thógfainn.

Ó is gheobhainnse bean de Línseach is bean eile de Fhrinnseach 
Is bean a mbeadh dhá chéad bó léi. 
Ach sí bean na mbúclaí buí a chráigh go mór mo chroí 
Is mo chúig chéad slán go deo léi.

Is tá iníon ag an Línseach, nach í atá go péacach 
Dom iarraidh-sa a fháil le pósadh 
Ach dá bhfaighinn-se féin mo rogha ar mhná óga dheasa an domhain 
Sí Bean Dubh an Ghleanna a thógfainn.

‘Gus siúd é thiar mo theach is gan de dhíon air ach an scrath 
Is é tógtha ar leath thaobh an bhóithrín 
Is nach críonna a bhíonn an bheach 
Nuair a dhéanann sí a nead 
Le grian ‘gus le teas an tSamhraidh.

Is nuair a chríonann an tslat ní fhanann uirthi meas 
Ach a súil leis an gcraoibhín is airde 
Is a chailín álainn deas ar chaill mé leat mo chiall 
Mo chúig chéad slán go deo leat.

Sí Mal Dubh an Earraigh 
Sí Mal Dubh an Ghleanna, Sí Mal Dubh is deirge ná an rósa 
‘S dhá bhfaighinnse fhéin mo roghain ar mhná óga deasa an domhain 
Sí Bean Dubh an Ghleanna a phósfainn.